Canú
Is éard is canú[1] ann ná soitheach beag décheannach oscailte a thiomáintear le céaslaí. Dhá phriomhshaghas atá ann. Déantar an chéad cheann, a iompraíonn triúr nó ceathrar, le cabhail éadrom adhmaid.
Saintréithe teicniúla | |
---|---|
Cineál | bád rámhaíochta |
Cumhdaítear go traidisiúnta é le coirt beithe nó seithí ainmhithe, ach le blianta anuas cláir éadroma adhmaid. Bíonn an dara ceann, an crann snámha ón Aigéan Ciúin, oiriúnaithe go minic le bád bacáin amuigh a bheadh in ann aistear aigéanach a dhéanamh.
Bhíodh crainn snámha cogaidh na Maorach suas le 20 m ar fhad, snoite as crann péine amháin, oiriúnaithe le seol triantáin inbhéartaithe amháin, tiomáinte ag timpeall 60 céaslóir. Déantar curacha nua-aoiseacha as alúmanam nó plaistigh.[2]
Féach freisin
Tagairtí
🔥 Top keywords: