Ciníochas
Is é atá i gceist le ciníochas ná smaoineamh nó claontacht a deir gur fearr ciníocha áirithe ná cinn eile.
Is féidir leis an gciníochas seo a bheith bunaithe ar dhlíthe tíre ar nós an chórais apairtéid a bhí san Afraic Theas nó feiniméan leanúnach i measc phobail ar nós an fhrith-Ghiúdachais a bhí mar chúl taca don Uileloscadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Reáchtáiltear Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú ar an 21 Márta.
Ionsaithe ciníocha
- D'fheallmharaigh James Earl Ray an gníomhaí polaitiúil, Martin Luther King, ar an 4 Aibreán 1968 i Memphis, Tennessee.
- Na dlíthe Jim Crow sna Stáit Aontaithe, a bhí léirithe go príomha i ndeisceart na Stát Aontaithe, a chuir isteach ar na Meiriceánaigh Afracacha, na Meiriceánaigh Dúchasacha srl.
- Dúnmharú George Floyd
- Uileloscadh
- Apartheid san Afraic Theas. I ré na cinedheighilte, bhí muintir na hAfraice Theas deighilte ina gceithre chine, mar atá, na Bána, na Gormaigh, na Daiteánaigh agus na hIndiaigh, agus na dreamanna seo á gcoinneáil scartha scoite ó chéile
Ciníochas in Éirinn
Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal taighde thar ceann an Choimisiúin Comhionannais Thuaisceart Éireann féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus.[1][2][3] D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.
Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh/ Ina theannta sin ar fad bhí daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta.