Matamaiticeoir feidhmeach a saolaíodh i nGaylord, Michigan ab ea Claude Shannon (30 Aibreán1916 - 24 Feabhra2001). D'fhoilsigh sé páipéar ceannródaíoch, A Symbolic Analysis of Relay and Switching Circuits (Anailís Shiombalach ar Chiorcaid Athsheachadta is Lasctha, 1938) ar conas eolas a láimhseáil le meaisín, mar is féidir le cainníochtaí eile. Ba bhunúsach a thionchar ar fhorbairt ríomhairí is a struchtúr, agus teoiric an eolais. I gcomhar le Warren Weaver, d'fhoilsigh sé leabhar cáiliúil, The Mathematical Theory of Communication (Teoiric Mhatamaiticiúil na Cumarsáide, 1949).[1]