Codlaidín
Is éard is codlaidín[1] ann ná planda bliantúil glasghorm nó liathghlas a fhásann 1 m ar airde, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na duilleoga leathfhada, liopach go héadomhain; an gas fáiscthe; na bláthanna le 4 pheiteal; a chochall i bhfoirm pota piobair, le fáinne de phóir timpeall na fleisce. Sa ghné don ghairdín, nach mbíonn drugaí ann, dath liathchorcra a bhíonn ar na bláthanna agus lár dorcha iontu. Bláthanna bána a bhíonn sna gnéithe a tháirgeann drugaí. Faightear an t-óipiam trí ghearrthacha a dhéanamh sna síolchochaill ghlasa, agus sileann siad seo an t-úsc a mbíonn an t-óipiam ann. Scagtar an t-óipiam chun drugaí eile a tháirgeadh, moirfín ina measc.[2]
Papaver somniferum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | poppy seed (en) , Óipiam agus poppyseed oil (en) |
Planda | |
Dath na mbláthanna | corcra |
Cineál an toraidh | capsúl |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Papaveraceae |
Géineas | Papaver |
Speiceas | Papaver somniferum L., 1753 |
Tagairtí
🔥 Top keywords: