An Eoraip

ilchríoch lonnaithe sa Leathsféar Thuaidh agus den chuid is mó sa Leathsféar Thoir

Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Eoraip

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósEuropa Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°41′27″N 9°08′26″E / 48.690959°N 9.14062°E / 48.690959; 9.14062
Daonra
Iomlán747,636,045 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús73.4 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deAn Eoráise
Ostfeste (en) Aistrigh
An Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,186,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Elbrus (en) Aistrigh (5,642 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chaisp (−28 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Gnéithe ilchríocha na hEorpa. Is féidir sliabhraonta, leithinsí, oileáin agus réigiúin níos loiscní agus níos fuaire a fheiceáil san íomhá satailíte comhshuite seo
Léarscáil Pholaitiúil den Eoraip sa bhliain 814

Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó mí Iúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.

Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le bunú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó na Rúise an lá atá inniu ann.

Liosta tíortha Eorpacha

Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:

Polaitíocht

AinmPríomhcathairAchar (km2 )DaonraAinm sna teangacha oifigúla
AlbáinTiorána28,7482,831,741Shqipëria
AirméinEireaván29,8003,229,900Hayastan
AndóraAndóra La Ḃella46868,403Andorra
AsarbaiseáinBaci86,6009,165,000Azǝrbaycan
An BheilgAn Bhruiséil30,52811,007,000België/Belgique/Belgien
An BhealarúisMínsc207,5609,458,000Belarus
Boisnia-HeirseagaivéinSairéavó51,1293,843,126Bosna i Hercegovina
An BhulgáirSóifia110,9107,621,337Bălgarija
Cathair na VatacáineCathair na Vatacáine0.44900Città del Vaticano/Civitas Vaticana
An ChipirLeafcóís9,251788,457Kýpros/Kıbrıs
An ChosaivPristína10,8871,859,203Kosovë/Kosovo
An ChróitSágrab56,5424,437,460Hrvatska
An DanmhairgCóbanháṁan43,0945,564,219Danmark
An EastóinTaillinn45,2261,340,194Eesti
An EilvéisBeirn41,2907,507,000Schweiz/Suisse/Svizzera/Svizra
ÉireBaile Átha Cliath70,2804,234,925Éire
An FhionlainnHeilsincí336,5935,157,537Suomi/Finland
An FhraincPáras547,03066,104,000France
An GhearmáinBeirlín357,02180,716,000Deutschland
An GhréigAn Aithin131,95711,123,034Elláda
An IodáilAn Róimh301,23059,530,464Italia
An IoruaOsló385,1785,018,836Norge/Noreg
An ÍoslainnRéicivíc103,000307,261Ísland
An ÍsiltírAmstardam41,52616,902,103Nederland
An LaitviaRíge64,5892,067,900Latvija
LichtinstéinVadús16032,842Liechtenstein
An LiotuáinVilnias65,2002,988,400Lietuva
LucsamburgLucsamburg2,586448,569Lëtzebuerg/Luxemburg/Luxembourg
MáltaVaileite316397,499Malta
MontainéagróPodgairítse13,812616,258Crna Gora
An Mhacadóin ThuaidhScóipé25,7132,054,800Makedonija
An MholdóivCísineá33,8434,434,547Moldova
MonacóMonacó1.9531,987Monaco
An OstairṀín83,8588,169,929Österreich
An PholainnṀársá312,68538,625,478Polska
An PhortaingéilLiospóin91,56810,409,995Portugal
An Ríocht AontaitheLondain244,82064,105,654United Kingdom
An RómáinBúcairist238,39121,698,181România
An RúisMoscó17,075,400143,975,923Rossiya
San MairíneCathair San Mairíne6127,730San Marino
An SpáinnMaidrid504,85147,059,533España
Poblacht na SeicePrág78,86610,256,760Česko
An tSeirbiaBéalgrád88,3617,120,666Srbija
An tSeoirsiaTbilisi69,7004,661,473Sakartvelo
An tSlóivéinLiúibleána20,2732,050,189Slovenija
An tSlóvaicAn Bhratasláiv48,8455,422,366Slovensko
An tSualainnStócólm449,9649,090,113Sverige
An TuircAncara783,56277,695,904Türkiye
An ÚcráinCíṁ603,70045,360,000Ukrajina
An UngáirBúdaipeist93,03010,075,034Magyarország

Féach freisin

Mór-ranna an Domhain


An Afraic

An Aigéine

An Áise

Antartaice

An Eoraip

Meiriceá Theas

Meiriceá Thuaidh

🔥 Top keywords: