Corpus of Electronic Texts

Is bunachar ar líne é Corpus of Electronic Texts (nó CELT) de dhoiciméid stairiúla agus comhaimseartha maidir le stair agus cultúr na hÉireann.[1] De réir CELT féin, "riarann an bunachar ar scoláirí, mhúinteoirí, daltaí agus ar an bpobal araon, ar fud an domhain".[2]

Ó 5ú Meitheamh 2019 amach, tá 1629 téacsanna ar CELT, le thart ar 19 milliún focal ann.[3]

Stair

Tosaíodh CELT sa bhliain 1992 mar chomharba ar thionscadal in aisce darbh ainm CURIA idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC/NUI) agus Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ).[4]

Naisc sheachtracha

Tagairtí