Cuán mara

Is Echinoidea é an cuán mara, inveirteabrach muirí cruinneogach cuasach, de ghnáth. Tugtar gráinneog trácarbhán carraige air freisin.[1][2] An cholainn déanta as plátaí cnámharlaigh, siúnta le chéile, ag iompar spíonta inghluaiste. An t-anas ar an dromchla uachtarach de ghnáth, agus an béal ar an dromchla íochtarach. Tugtar laindéar Arastatail ar an ngaireas casta giall. Beathaíonn sí trí chartadh, iníor nó ionghabháil dríodair. Timpeall 950 speiceas beo ann, agus timpeall 5,000 speiceas iontaisithe. Sliogiasc coitianta ar chósta na hÉireann. Tá cineál amháin ann a bhfuil cruth liathróide air agus é clúdaithe le deilgíní corcra. An-tóir ag Seapánaigh is Francaigh ar an gceann seo mar bhia: na heochraí milse a itear. Tá eolaithe in Éirinn ag déanamh dianstaidéir air agus é mar aidhm acu iad a chur ag síolrú is ag fás sa ghorlann.[3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuán mara
Echinoidea Cuir in eagar ar Wikidata

Tripneustes ventricosus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamEchinodermata
FofhíleamEchinozoa
AicmeEchinoidea Cuir in eagar ar Wikidata
Leske, 1778

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an gcuán mara ina leabhar Cladaí Chonamara:

Tá dhá chineál de na cuáin mhara le fáil ar imeallbhord Chonamara, an ceann mín agus an ceann deilgneach.Ní mór nach aon déanamh amháin atá orthu, déanamh na huibhe. Bíonn cuid acu chomh mór le hubh ghéagus cuid eile níos mó agus cuid níos lú. Tá brat de dheilgíní ildathacha ar cheann acu agus an ceann eilechomh mín leis an síoda... is maith cliste atá siad ar a gcuid iascaigh adhéanamh le ribeacha beaga laga ildathacha atátimpeall a mbéil agus a bhíos siad a bhogadh anonnagus anall go síoraí leis an gcluain a chur ar na créatúirbheaga agus iad a mhealladh i mbealach a mbasctha... déanannfaoileáin agus geabhróga greadlach orthu féin gominic, mar bíonn an-dúil acu sa mbia atá istigh samblaosc. Chuirfeadh sé buíocán uibhe i gcuimhneduit ach go bhfuil boladh trom láidir na farraige air.[4]

Tagairtí

🔥 Top keywords: