Dáilia
Ilbhliantóg le fréamhacha tiúbracha den ghné Dahlia a fhásann 8 m ar airde is an dáilia. Eipifít, uaireanta, dúchasach do na sléibhte ó Mheicsiceo go dtí an Cholóim. Cuid mhaith speiceas le bláthchinn mhóra ildaite ilchodacha ilghnéitheacha, cosúil le criosantamam. Fásadh ar dtús é ar son na dtiúbar a d'ití mar ghlasra, ach anois fástar go forleathan mar mhaisiúchán é. Is iontach an ilghnéitheacht datha is cuma a fhaightear ann trí hibridiú.[1]
Dahlia | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | dahlia (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Asteroideae |
Géineas | Dahlia Cav. |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Anders Dahl |
Tagairtí
🔥 Top keywords: