Féileacán fáinlearrach
Is féileacáin mhóra ildaite iad na féileacáin fháinlearracha a chuimsíonn an fhine Papilionidae. Tá níos mó ná 550 speiceas ann. Tá siad ina gcónaí sna trópaicí den chuid is mó, ach faightear iad ar gach mór-roinn seachas Antartaice. Rangaítear na féileacáin is mó ar domhan, na féileacáin éaneiteacha sa ghéineas Ornithoptera, i measc na bhféileacán fáinlearrach.[1]
Papilionidae | |
---|---|
féileacán fáinlearrach | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Lepidoptera |
Forfhine | Papilionoidea |
Fine | Papilionidae Latreille, 1809 |
Cineál tacsanomaíoch | Papilio |
Ainmníocht | |
This zoological name is coordinate with (en) | Papilionoidea, Papilioninae agus Papilionini |
I speicis áirithe, tá na heití deiridh gabhlánach, cosúil le fáinleog; is é sin bunús an ainm “fáinlearrach”: fáinleog + earr (eireaball). Maidir lena ainm eolaíochta, roghnaigh Linnaeus an t-ainm Papilio don géineas tíopúil, toisc gurb é sin an focal Laidine ar “féileacán”. Thug Linnaeus ainmneacha Gréagacha ar na speicis in Papilio. Mar shampla, is in ómós do Machaon, mac de chuid Aescaláipias atá luaite san Íliad, ainm an speicis tíopúil Papilio machaon.[2] Agus ainmníodh an speiceas Papilio homerus i ndiaidh an fhile Ghréagaigh, Hóiméar.[3]