Fraochán
Is éard atá i gceist leis an bhfraochán[1] (Vaccinium myrtillus) ná tor duillsilteach agus é ag tabhairt caora dubha cruinne a mbíonn cineál coirt ghorm orthu. Fásann an tor go leathmhéadar airde, a bheag nó a mhór, agus aithnítear ar dhuilleoga ubhchruthacha ailtéarnacha é. Bíonn an fraochán an-choitianta san áit a mbíonn ithir aigéadach a fháil, go háirithe i gcnoic Dheisceart na hEorpa, i gcoillte oscailte agus ar mhóinteáin.
Vaccinium myrtillus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | fraochán |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Vaccinium |
Speiceas | Vaccinium myrtillus L., 1753 |
Tá caora an fhraocháin an-bhlasta, agus iad á mbácáil isteach i bpióga nó á n-ithe le bainne, le huachtar nó le siúcra. Fágann an fraochán smál doghlanta ar na héadaí, áfach. Is féidir caora fraocháin a choinneáil thar an ngeimhreadh sa reoiteoir.
Tá an fraochán gaolmhar leis an mbódhearc.
Foinsí
- Pamela Foley agus Cecilia Fitzsimmons: Eolaí Póca: Biaphlandaí. An Gúm, Baile Átha Cliath 1997, Nicholas Williams a d'aistrigh.
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimediaa bhaineann le: Vaccinium myrtillus.
Tagairtí
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachGene SimmonsVicipéid:Halla baileStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchSouth Park: Bigger, Longer & UncutVicipéid:Séanadh ginearáltaAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:CabhairVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Cúrsaí reathaGluaiseacht (úrscéal)Juan Antonio VillacañasJean SimmonsTeach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe MheiriceáJohn HumePádraig Mac SuibhneAn GhaeilgeAn AramaisRobert FicoVicipéid:RéamhráÚsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)Catagóir:Síolta tíreolaíochta na hÉireannPápa Cléimeans VIIHippuris vulgarisCruidín crainnMarie Antoinette na hOstaireCúcabarraGradaim an AcadaimhSpeisialta:MyTalkPeter PellegriniSpeisialta:MyContributionsComhriachtainRéileán láibe