Gloine bhreochloiche

Is éard is gloine bhreochloiche[1][2] ann ná gloine throm chriostalta, a chuimsíonn luaidhe (Pb), an-áisiúil i gcomhair gearrtha is greanta, mar a dhéantar i monarchana gloine criostalta in áiteanna éagsúla in Éirinn. Tugadh isteach don fheidhm seo ar dtús í timpeall 1675, agus rinneadh na samplaí sin as breochloch mhionaithe in ionad gainimh, mar is gnáth anois. Is mó a comhéifeacht athraonta ná gloine chorónach (nach bhfuil luaidhe inti), agus mar sin is tábhachtach í i ndéanamh lionsaí comhshuite ceartaithe i gcomhair spéaclaí is eile.[3]

Tagairtí