Luis Walter Alvarez
fisicí turgnamhach Meiriceánach
Fisicí turgnamhach a rugadh i San Francisco ab ea Luis Walter Alvarez (13 Meitheamh 1911 – 1 Meán Fómhair 1988). Rinne sé taighde ar radar le haghaidh loingseoireachta is tuirlingt aerárthach le linn An Dara Cogadh Domhanda. Thóg sé an chéad luasaire líneach (1947), shaothraigh an soitheach boilgeog, agus d'fhionn staideanna nua athshondacha san adamh is cáithníní nua fo-adamhacha leis. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1968 as an obair seo.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: