Macadaimia
géineas plandaí
Is crann síorghlas é an mhacadaimia a fhásann suas go dtí timpeall 20 m. Géineas Macadamia.[1] Dúchasach don Astráil, agus saothraítear ansin is i Haváí é. Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, lansa-chruthach, leathan os cionn an láir, docht is uaireanta colgach, i bhfáinní de 3-4 cinn. Na bláthanna i spící fada cromtha 2.5 cm ar trastomhas, síogómach le 4 theascán iombhláthanna bánbhuí. Na torthaí glas, agus scoilteann siad chun cnó cruinn inite a nochtadh.[2]
Macadamia | |
---|---|
Macadamia integrifolia | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Proteales |
Fine | Proteaceae |
Géineas | Macadamia F.Muell., 1858 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | John Macadam |
Tagairtí
🔥 Top keywords: