Maoildearg
géineas plandaí
Is crann duillsilteach í an mhaoildearg nó an crann maoildeirge (géineas Morus).[1] Tá sí de dhúchas oirthearach, ach saothraithe in áiteanna eile le fada. Na duilleoga croíchruthach fiaclach. Na bláthanna fireanna is baineanna ar spící difriúla, cosúil le caitíní. Comhtháthaíonn na torthaí súmhara ar leith ionas go ndéanann an spíce iomlán an chaor. Bíonn torthaí corcra ag an maoildearg dhubh. Is bia don seiriceán duilleoga na maoildeirge báine.[2]
Morus | |
---|---|
Morus alba | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | maoildearg agus adhmad maoildeirge |
Planda | |
Cineál an toraidh | drúp |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Moraceae |
Géineas | Morus L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Morus nigra |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Morea |
Tagairtí
🔥 Top keywords: