Muiléad
Is grúpa d'fhéar beagshíolach an-athraitheach iad na muiléid,[1]a fhástar go forleathan ar fud an domhain mar bharr gráin nó barr fodair agus bia an duine. Baineann formhór na speiceas dá ngairtear muiléad go ginearálta leis an treibh Paniceae, ach baineann roinnt muiléad le tacsóin éagsúla eile freisin.
Is barraí tábhachtacha iad muiléid i dtrópaicí breacthura na hÁise agus na hAfraice (go háirithe san India, Mailí, an Nigéir, agus an Nígir), agus 97% de tháirgeadh muiléad i dtíortha i mbéal forbartha.[2] Is fearr an barr seo mar gheall ar a tháirgiúlacht agus a shéasúr gearr fáis faoi choinníollacha tirime ardteochta.
Tá muiléid dúchasach do go leor áiteanna ar fud an domhain. Is é an muiléad is mó a fhástar ná an muiléad péarlach, ar barr tábhachtach é san India agus i gcodanna den Afraic. Is barr speicis thábhachtacha iad Eleusine coracana, Panicum miliaceum, agus Setaria italica.[3]
Speiceas
Eragrostideae:
- *Eleusine coracana
- Eragrostis tef
Paniceae
- Géineas Panicum:
- *Panicum miliaceum
- *Panicum sumatrense
- *Panicum sonorum
- *Pennisetum glaucum
- *Setaria italica
- Géineas Digitaria
- Digitaria exilis
- Digitaria iburua
- Digitaria compacta
- Digitaria sanguinalis
- Géineas Echinochloa
- Echinochloa esculenta
- Echinochloa frumentacea
- Echinochloa oryzoides
- Echinochloa stagnina
- Echinochloa crus-galli
- Paspalum scrobiculatum
- Brachiaria deflexa
- Brachiaria ramosa: [4]
- Spodiopogon formosanus
Andropogoneae
- *Sorghum bicolor
- Coix lacryma-jobi