Paradacsa Fermi

Baineann paradacsa Fermi leis an gcoimhlint idir an easpa fianaise soiléire go bhfuil beatha eachtardhomhanda ann, agus meastacháin éagsúla a deir gur dócha go bhfuil sí ann.

Tá baint ag an bhfisiceoir Iodálach-Meiriceánach Enrico Fermi leis an bparadacsa mar gheall ar chomhrá fánach i samhradh na bliana 1950 le comhfhisiceoirí Edward Teller, Herbert York agus Emil Konopinski. Agus iad ag siúl go dtí an lón, phléadar tuarascálacha nua faoi UFOnna agus taisteal forsholasach. Chuaigh an comhrá ar aghaidh go dtí ábhair eile, go dtí go ndúirt Fermi de phreab, “Ach cá bhfuil chuile dhuine?” (cé nach bhfuil aon duine cinnte faoin fhriotal a d'úsáid sé).

Is iomaí iarracht a rinneadh chun paradacsa Fermi a réiteach, mar shampla ag rá go bhfuil intleachtaí eachtardhomhanda fíorannamh, nó nach maireann a gcuid sibhialtachtaí rófhada, nó go bhfuil siad ann, ach ní féidir le daoine an fhianaise a fheiceáil, ar chúiseanna éagsúla.

🔥 Top keywords: