Phaeophyceae
Grúpa mórfheamainní muirí, den chuid is mó, le líocha fótaisintéiseacha sainiúla, clóraifill a, clóraifill c, béite-charaitéin is fúcaxaintin. An t-atáirgeadh gnéasach le speirm le dhá lascnaid tiomána, de ghnáth. Níos mó ná 1,500 speiceas ar eolas. Ón gcrios idirthaoideach is an crios fo-chladach, den chuid is mó. Foirmeacha colainne ó fhiliméadchruthach go lannchruthach.[1]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Chromista |
Foríocht | Harosa |
Fíleam | Ochrophyta |
Fofhíleam | Phaeista |
Foraicme | Fucistia |
Aicme | Phaeophyceae Kjellm., 1891 |
Tagairtí
🔥 Top keywords: