Príosún an Tí Geata

Príosún in Westminster ba ea Príosún an Tí Geata. Tógadh in 1370 é mar theach geata Mhainistir Westminster. Ba é Ab na Mainistreach, eaglaiseach mór a raibh smacht aige ar na purláin agus an tearmann, ba thúisce a bhain feidhm as mar phríosún. Bhí sé ar na príosúin a sholáthraíodh eolas ar athphríosúnaigh don Old Bailey chun cáipéisí díotála a leagan amach.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Príosún an Tí Geata
Íomhá
Sonraí
CineálPríosún
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Westminster, England
Map
 51°29′57″N 0°07′44″W / 51.4992°N 0.129°W / 51.4992; -0.129

Is iomaí duine a chaith seal sa phríosún tar éis tréas nó mídhílseacht a chur ina leith. Coinníodh an Ridire Walter Raleigh anseo an oíche sular baineadh an ceann de i gClós an tSean-Pháláis in Westminster ar an 29 Deireadh Fómhair 1618.[2]

Coinníodh roinnt Éireannach anseo agus baint ag an scéal le Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill, iníon Bhrighid Nic Gearailt agus Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill. Bhí sí ina cónaí i Sasana lena seanmháthair Bantiarna Chill Dara agus caidreamh aici ar Éireannaigh óga Chaitliceacha i Londain a bhí mídhílis don rialtas. I samhradh na bliana 1626, nuair a bhí Máire 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i bPríosún an Tí Geata agus d’fhuascail a leasdeartháir Caifir “Con” Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc, beirt a cuireadh i ngéibheann toisc gur dhiúltaigh siad éirí as an éileamh a bhí acu ar thailte plandáilte i mBréifne Thiar. B’éigean di éalú chun na Mór-Roinne mar ar chaith sí saol eachtrúil.[3]

Leagadh an príosún in 1776. Tá cuimhneachán scoláirí Westminster ar Chogadh na Crimé ar an láithreán anois, os comhair Dhoras Mór Thiar na hArdeaglaise.

Nótaí

Further reading

  • Forsythe, James Neild (2000). "State of the Prisons in England, Scotland, and Wales, Not for the Debtor Only, But for Felons Also, and Other Less Criminal Offenders". Routledge. 
  • Tanner, Lawrence Edward (1923). "Westminster School, Its Buildings and Their Associations". Philip Allan.