Rosa Luxemburg
Ba theoiricí polaitiúil Marxach, fealsúnaí sóisialach (nó cumannach) agus réabhlóidí Gearmánach í Rosa Luxemburg (5 Márta, 1870 nó 1871 – 15 Eanáir, 1919).
Ainm sa teanga dhúchais | (pl) Róża Luksemburg |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (pl) Rozalia Luxenburg 5 Márta 1871 Zamość (Impireacht na Rúise) |
Bás | 15 Eanáir 1919 47 bliana d'aois Beirlín |
Siocair bháis | Dúnmharú (Tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Luxemburgism (en) |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Zürich |
Céim acadúil | Doktor Nauk in Political Science (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Vársá Zürich Beirlín |
Gairm | polaiteoir, iriseoir, eagarthóir, teoiricí polaitiúil, eacnamaí, fealsamh, réabhlóidí, bailitheoir luibheolaíochta |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na Gearmáine (1919–) Páirtí Sóisialach Daonlathach Neamhspleách na Gearmáine (1917–1918) Spartakusbund (1915–1918) Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (1898–1915) Daonlathas Sóisialta Ríocht na Polainne agus na Liotuáine (1893–1918) |
Mac/iníon léinn de chuid | Julius Wolf |
Ainm cleite | R. Kruszynska |
Teangacha | An Ghearmáinis agus an Pholainnis |
Ealaíontóirí gaolmhara | Julian Marchlewski (1893–) Leo Jogiches (1893–) Karl Liebknecht (en) (1918–) |
Ghlac sé/sí páirt i | |
30 Aibreán 1907 (Iúlach) | 5th Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Gustav Lübeck (1889–1903) Julian Marchlewski (1893–luach anaithnid) |
Páirtí | Leo Jogiches |
Croineolaíocht | |
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933 | Nazi book burnings (en) |
Mórphearsa pholaitiúil ab ea Luxemburg le linn éirí amach i mBeirlín in Eanáir 1919. Gabhadh Luxemburg agus a comhghleacaí Karl Liebknecht faoi dheireadh agus mharaigh baill den Freikorps iad.
Rinneadh mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu ar son an chumannachais ó shin. Tá siad go fóill i mbéal an phobail, nó i gcuimhne na sóisialaithe ar aon nós, agus daoine ag déanamh déithe dóibh anois.
Saol
Rugadh sa Pholainn í agus tugadh Róża Luksemburg (i bPolainnis) uirthi.
Ba theoiricí í don Pháirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (SPD) ar dtús.
Ach ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, vótáil páirtí parlaiminte an SPD ar son an chogaidh. Chreid baill áirithe den pháirtí go raibh an polasaí seo i gcoinne phrionsabail an pháirtí. Cuireadh a lán daoine as an bpáirtí, Rosa Luxemburg ina measc. Bunaíodh grúpaí nua: an USPD (Unabhängige SPD — SPD Neamhspleách) agus a gcomhghleacaithe, an Spartakusbund (Conradh na Spartacach).
D'fhoilsigh Luxemburg poileimici in aghaidh na cogaíochta agus gabhadh í sa bhliain 1916. Scaoileadh as an bpríosún í ar an 8 Samhain 1918.
Réabhlóid 1918/1919
D'fhéach an Ghluaiseacht Spartacach, an Léig Spartacach nó an Spartakusbund, le réabhlóid shóisialach a chur i gcrích sa Ghearmáin ag deireadh an chogaidh, ach theip uirthi go gasta.
Ag tús na Réabhlóide Gearmánaí, tháinig an SPD agus an USPD le chéile chun ceannaire an SPD, Friedrich Ebert, a chur san Uachtaránacht.
Thar a bheith míshásta, ar an 1 Eanáir 1919, bhunaigh Luxemburg agus a comhghleacaí Karl Leibknecht an Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD).
Ar 4 Eanáir 1919, chuir an Léig Spartacach tús le héirí amach i gcoinne rialtais Ebert. An aidhm a bhí acu ná deireadh a chur leis. Bhí Rosa Luxemburg agus Karl Liebknecht i gceannas ar an éirí amach i mBeirlín.
Bás
D’úsáid Gustav Noske, Aire Cosanta, an Freikorps chun deireadh a chur leis na Spartacaigh.
Dúnmharaíodh Luxemburg i rith éirí amach i mBeirlín in Eanáir 1919, mar gheall ar a tuairimí polaitíochta. Céasadh Luxemburg chun báis, agus briseadh a blaosc le punt raidhfil. Caitheadh a corp amach sa chanáil, áit ar imigh sí leis an sruth.[1]
Bhí na Saor-Chóir in ann dul i bhfad thar cheasaí ag cur catha ar an lucht oibre radacach. An dóigh ar dhúnmharaigh siad Karl Liebknecht agus Rosa Luxemburg, cinnirí intleachtúla na Spartacach, ní raibh ann ach an cineál gnáthrud nach sílfeadh na fir seo mórán de.
Tar éis toghcháin Eanáir 1919, bhuail comhthionóil nua náisiúnta i gcathair Weimar. Bunaíodh Poblacht Weimar.
Oidhreacht
Tá go leor conspóide faoina teoiricí fós. Mar shampla, ina leabhar,[2] scrúdaigh Jacqueline Rose "uathúlacht tuiscint pholaitiúil Luxemburg, gur ghlac sí le teip mar chuid d’athrú stairiúil, a príomhchoincheap spontáineachta mar chroílár an chlaochlaithe réabhlóidigh, agus an dóigh uathúil ar cheangail sí dúshláin an tsaoil phoiblí le muirneacht chroí an duine".[3]
Ach níl daoine eile ar aon tuairim, beag ná mór, faoin na na smaointe seo; thacaigh Luxemburg an deachtóireacht agus an foréigean. Sheas sí an fód ar son an réabhlóideachais agus ar son na saoirse ag am céanna. Ach deirtear lena leithéid nach féidir é a bheith 'ina ghruth is ina mheidhg' ag duine.
B’amhlaidh gur bronnadh stádas an mhairtírigh uirthi ar aon nós. Shéan sí an náisiúnachas agus rinne sí dlúthcheangal idir an streachailt ar son saoirse agus streachailt na n-aicmí.[4]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Aistriú Gaeilge ar shaothar tábhachtach a scríobh Rosa Luxemburg. "Red Banner" issue 49 [5]
- Cartlann Béarla le téacsanna a scríobh Rosa Luxemburg
- Cartlann Gearmáinis le téacsanna a scríobh Rosa Luxemburg