Suíomh Hanford
Ionad i Washington na Stát Aontaithe ab ea Hanford, ina stóráladh ábhair núicléacha radaighníomhacha thar cheann an airm. Tá droch-cháil ar an suíomh Hanford, díchoimisiúnaithe inniu, de bharr an oiread sin sceite d'ábhair radaighníomhacha san aer is na huiscí taobh leis ar feadh 70 bliain, beagnach.
Suíomh Hanford | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Hanford Site | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Struchtúr ailtireachta agus saotharlann náisiúnta de chuid na Stát Aontaithe | |||
Foirgníocht | 1940í | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Benton, Washington | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Am oibriúcháin | ? – 1987 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | hanford.gov | |||
Mar shampla, tá a fhios anois gur sceitheadh oiread is 2 × 1018 beicireil (Bq) d'iaidín radaighníomhach san aer ann i 1944-1947. Ag cur san áireamh go méadaíonn a laghad is 2 × 105 Bq iaidín, ach é ionsúite sa cholainn, an dóchúlacht go bhfaighidh duine ailse tíoróidigh, is ollmhór an sceitheadh é seo.
Meastar go bhfuair suas le 20% den 250,000 duine i stáit Washington, Idaho is Oregon, mórthimpeall ar Hanford dáileoga baolacha radaíochta ó thosaigh sé. Ní haon ábhar iontais é gur cúis chonspóide an t-ionad céanna.[1]