Trasraitheoir

Is feiste leathsheoltóra é an trasraitheoir a úsáidtear chun comharthaí leictreonacha agus agus cumhacht leictreach a mhéadú nó a athrú. Tá sé comhdhéanta d’ábhar leathsheoltóra de ghnáth, le trí chónasc ar a laghad le haghaidh naisc le ciorcad seachtrach. Ceann amháin leis an tiomsaitheoir, ceann leis an mbun agus an ceann eile leis an astaíre. Má chuirtear voltassruth i bhfeidhm ar phéire amháin de chonaisc an leathsheoltóra rialaíonn sé an sruth trí phéire cónasc eile. Toisc gur féidir an chumhacht rialaithe (aschur) a bheith níos airde ná an chumhacht rialaithe (ionchur), is féidir le trasraitheoir comhartha a mhéadú. Sa lá atá inniu ann, bíonn roinnt trasraitheoirí ar fáil ina n-aonar, ach tá go leor eile le fáil réamhphacáiste i gciorcad comhtháite

Infotaula equipament informàticTrasraitheoir

Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
p–n junction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhchodanna ilchineálacha leictreonacha - trasraitheoirí dépholacha éagsúla. Cineálacha ó bharr go chlé: TO-92, GO-225, GO-220, GO-18 taobh clé bun (cás cruach).

An bloc tógála bunúsach de chuid na nghléasanna leictreonacha nua-aimseartha is ea an trasraitheoir, agus tá sé uileláithreach i gcórais leictreonacha nua-aimseartha. Chuir Julius Edgar Lilienfeld trasraitheoir tionchar réimse (TTR) faoi phaitinn, sa bhliain 1926 [1], ach níorbh fhéidir gléas oibre a thógáil ag an am sin. Ba é an chéad gléas a cuireadh i bhfeidhm go praiticiúil ná trasraitheoir pointe teagmhála a chum an fisiceoirí Meiriceánacha John Bardeen, Walter Brattain, agus William Shockley, sa bhliain 1947. Chuir an t-raisitheoir réabhlóid ar bun i réimse na leictreonaice, agus réitigh siad an bealach i gcomhair raidiónna, áireamhán agus ríomhairí níos lú agus níos saoire, i measc rudaí eile. Tá an t-traisitheoir ar liosta na ngarspriocanna de chuid na leictreonaice ag an IEEE [2], roinn Bardeen, Brattain, agus Shockley Duais Nobel 1956, san Fhisic as a n-éachtaí. [3].

I gcás na leathsheoltóirí atá bunaithe ar an dúil sileacan, déantar a n-airíonna a mhionathrú trí dhúile eisíontais a mheascadh leis an mbunsileacan.

Déantar ceapairí pnp is npn mar thrasraitheoirí.

an trasraitheoir pointe teagmhála

Teicneolaíocht

Suimítear glacóirí leictreon, indiam, bórón nó alúmanam, chun an t-ábhar a dhéanamh ina p-chineál. Is deontóirí leictreon, antamáon, arsanaicfosfar, a shuimítear chun n-chineál a dhéanamh.

Is feistí beaga tathagacha slána (de bhrí go bhfeidhmíonn siad ag voltas íseal) iad, agus ní gá ach cumhacht íseal len iad a fheidhmiú.

Feidhmeanna

Úsáidtear na trasraitheoirí in aimplitheoirí, ascaltóirí is coigeartóirí.

Stair

Bardeen, Shockley agus Brattain i mBell, NJ, sa bhliain 1948

Sa bhliain 1947, rinne eolaithe i mBell Laboratories, New Jersey, fionnachtain mhór nuair a dhear siad an trasraitheoir pointe teagmhála. Cheap William Shockley, John Bardeen agus Walter Brattain an trasraitheoir pointe teagmhála, rud a chuir tús le réabhlóid sa leictreonaic —cúrsaí raidió, teilifíse, teileachumarsáide is ríomhaireachta. Bhuaigh siad Duais Nobel na Fisicesa bhliain 1956

Tháinig an trasraitheoir in ionad na bhfeadán teirmianach i ngach gaireas leictreonach, agus chuir réabhlóid i bhfeidhm ar chiorcaid leictreonacha.[4]

Tagairtí


🔥 Top keywords: