Tuinnín buí
speiceas iasc
Speiceas tuinnín atá forleathan in uiscí dromchlacha na farraige trópaicí is measartha te is ea an tuinnín buí (Thunnus albacares).[1] Suas le 2 m ar fhad, stráice órga ar feadh taobh na colainne, na heití droma is an eite thimpireach buí. Itheann sé éisc dhromchlacha, ina measc éisc eitilte is preabairí chomh maith le scuideanna is crústaigh. Iascaireacht an-trom á déanamh air.[2]
Thunnus albacares | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 21857 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Scombriformes |
Fine | Scombridae |
Treibh | Thunnini |
Géineas | Thunnus |
Speiceas | Thunnus albacares (Bonnaterre, 1788) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Scomber albacares |
Tagairtí
🔥 Top keywords: