Scannán de chuid Disney is ea Finding Nemo (2003). Ba é Andrew Stanton an scríbhneoir agus ba iad Stanton agus Lee Unkrich na stiúrthóirí. Rinne Pixar Animation Studios agus Walt Disney Pictures é. Ghlac Albert Brooks, Ellen DeGeneres, Alexander Gould, Willem Dafoe, Brad Garrett, Joe Ranft, Allison Janney, Austin Pendleton, Stephen Root, Geoffrey Rush, Nicolas Bird, Erica Beck, LuLu Ebeling, agus Barry Humphries páirt ann.
Baineann an scéal le hiasc (gairéadach) darb ainm Marlin. Athair róchosantach é agus nuair a fhuadaítear a mhac, Nemo, téann sé sa tóir air, chomh fada le cuan Sydney san Astráil. Téann iasc eile leis, tang gorm darb ainm Dory. Agus é ar lorg a mhic, fhoghlaimíonn Marlin conas dul i riosca agus conas a ghlacadh le neamhspleáchas agus ábaltacht Nemo.
Is é Finding Nemo an scannán is mó díol mar DVD agus breis is 40 milliún cóip de ceannaithe ag daoine.[1] Thuill an scannán níos mó airgid ná aon scannán G4 eile go dtí gur tháinig amach Pixar le Toy Story 3.