Wace
Tools
General
Priontáil/easpórtáil
I dtionscadail eile
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1100 (Féilire Ghréagóra) Geirsí |
Bás | 1174 (Féilire Ghréagóra) 73/74 bliana d'aois Bayeux |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, staraí |
Seánra | Mórdhán, medieval chronicle (en) agus beathaisnéis |
Teangacha | Sean-Fhraincis agus An Angla-Normainnis |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
File Normannach a rugadh ar an oileán Geirsí ab ea Wace (tar éis 1100 - idir 1174 agus 1183), tugtar Guace agus Wistace air leis. Tá áit ar leith i stair litríocht na Fraince ag Wace, agus is de bharr an dá shaothar is tábhachtaí dá chuid - Roman de Brut (Gaeilge: 'Rómáns Bhrut') agus Roman de Rou (Gaeilge: 'Rómáns Rou') - a théann an áit sin dó. Insan 18ú haois, tugtar 'Robert Wace' air, rud a bhí mícheart, agus insan 19ú haois dúradh gurbh fhear de shliocht uasal ab ea é, rud nach raibh fíor ach oiread.
Is i gCaen, in iarthuaisceart na Fraince, a chaith Wace a óige, agus is insan áit chéanna a fuair sé a chuid oideachais agus a deineadh cléireach dó.[1] Níos déanaí, do chuaigh sé chuig baile suite insan Île-de-France (Chartres nó Páras) chun leanúint ar aghaidh leis an oideachas.[1] D'fhill sé ar Chaen ina dhiaidh sin, áfach, agus do luigh sé isteach ar an litríocht.[1]
Ina Roman de Rou, deireann Wace gur clerc lisant (Gaeilge: 'cléireach léitheoireachta') atá ann. Tá neart scríte ag daoine léinn fén dtéarma san, toisc go bhfuil an chiall cheart a bhaineann leis caillte againn anois.[1] Meastar, áfach, gur chléireach a léadh nó gur chléireach a mhúineadh ab ea Wace.[1] Tar éis dó an litríocht a roghnú mar shlí bheatha, do scríobh sé dánta liriceacha ar dtús; níl aon cheann desna dánta san fágtha againn sa lá atá inniubh ann.[1] I measc na dtéacsanna a scríobh sé idir 1130 agus 1150, níl ach trí cinn de shaothair againn anois agus naomhsheanchas atá iontu go léir.[1] Insan mbliain 1155, do chríochnaigh Wace an Roman de Brut, croinic fé ríthe na Breataine i bhfoirm véarsaíochta scríte i Sean-Fhraincis.[1]
Insan dtríú chuid den Roman de Rou, deireann Wace gur bhronn Anraí II Shasana tuarastal eaglaise air i gcaibidil Bhayeux agus gur canónach tuarastail atá ann dá bharr.[1] Is cosúil gur mhol an rí an tuarastal san do Wace i ndíol ar an Roman de Brut, nó le Wace a spreagadh chun stair na diúcachta a scríobh fiú.[1] Léiríonn na doiciméid atá againn anois gur idir 1165 agus 1169 a fuair Wace a thuarastal.[1] Deireann sé ag deireadh den Roman de Rou, áfach, ná fuil an rí chomh bronntach leis agus mar a bhíodh agus gur baineadh an tuarastal a bhí aige uaidh.[1]
Níl a fhios againn cathain a fuair Wace bás. Do tharla an rud ba shine a luann Wace insan gcéad chuid den Roman de Rou insan mbliain 1174. Níos faide insan téacs céanna, luann Wace Anraí Óg, mac Anraí II Shasana, agus an fear óg beo fós ag an am dar le Wace. Do fuair Anraí Óg bás insan bliain 1183, rud a chiallaíonn go bhfuair Wace é féin bás idir 1174 agus 1183.[1]