Jump to content

Banana Yoshimoto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBanana Yoshimoto
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 吉本ばなな
Beathaisnéis
Breith(ja) 吉本 真秀子
24 Iúil 1964
59 bliana d'aois
Bunkyō-ku (an tSeapáin)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Nihon Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir próis, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –
SeánraFicsean tuairimeach
TeangachaAn tSeapáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairTakaaki Yoshimoto
SiblínYoiko Haruno
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinyoshimotobanana.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0949012 Twitter: y_banana Musicbrainz: 6cbf50b4-9a3b-4b47-a1f6-e46b6aeff740 Discogs: 1251783 Cuir in eagar ar Wikidata

Banana Yoshimoto (吉本 ばなな) (born 24 July 1964[1]) is ainm cleite don scríbhneoir Seapánach Mahoko Yoshimoto (吉本 真秀子). Idir na blianta 2002 agus 2015 scríobh sí a hainm in hiragana (よしもと ばなな).

Beathaathraigh foinse

Rugadh Yashimoto i dTóiceo ar 24 Iúil 1964 agus tógadh i dteaghlach liobrálach í. Is é a hathair Takaaki Yoshimoto, file agus criticeoir cáiliúil, agus tá iomrá lena deirfiúr Haruno Yoiko mar chartúnaí.

Bhain Yoshimoto céim amach i gColáiste Ealaíne Ollscoil Nihon leis an litríocht mar mórábhar. Thug sí an t-ainm cleite “Banana” uirthi féin de bharr an taitnimh atá aici ar bhláthanna banana. Maíonn sí gur ainm é atá idir “ghleoite’ agus “andraigíneach, d’aonturas”.[2]

Tá sí pósta agus mac aici, ach is iondúil nach sceitheann sí scéalta i dtaobh a beatha. Scríobhann sí beagán gach lá agus deir sí go bhfuil saghas náire uirthi toisc go scríobhann sí scéalta beagnach ar son spóirt. Idir na blianta 2008 agus 2010 bhreac sí dialann ar líne do Bhéarlóirí.[3]

Scríbhneoireachtathraigh foinse

Thosaigh sí ag scríobh sa bhliain 1987 agus í ag obair mar fhreastalaí. Deir sí go ndeachaigh an t-údar Meiriceánach Stephen King go mór i gcion uirthi trína scéalta neamhuafáis. Ina dhiaidh sin d’fhág Truman Capote agus Isaac Bashevis Singer a rian ar a saothar.

Cuireadh a céad leabhar, Kitchen (1988), cnuasach gearrscéalta, i gcló os cionn seasca uair sa tSeapáin. Rinneadh dhá scannán de: scannán teilifíse sa tSeapáin agus scannán Sínise (1997) a rinneadh in Hong Kong agus a scaipeadh níos forleithne.[4]

Tá dhá úrscéal déag agus seacht gcnuasach aistí scríofa aici agus tá os cionn sé mhilliún cóip díobh díolta ar fud an domhain.[5]

Cuireann sí síos ar an ngrá agus ar an gcairdeas, ar chumhacht an bhaile agus an teaghlaigh, agus ar an rian a fhágann an chaill ar an aigne. Deir Yoshimoto gurb iad an dá théama is mó aici cloíteacht an aois óig sa tSeapáin inniu agus an chaoi a bhfágann na tubaistí lorg ar shaol an duine[6] Tugann sí cuntas ar na fadhbanna a bhaineann do dhaoine óga. Is minic a bhíonn cuntas ar bhia agus ar bhrionglóidí ina saothar, agus maíonn sí go bhfáisctear cuid mhaith dá saothar as a mbrionglóidí féin.

Tá a lán duaiseanna liteartha bainte aici.

Liosta leabharathraigh foinse

Aistriúcháin Bhéarla na leabhair i litreacha Iodálacha. Níl sna leaganacha Gaeilge ach garbhaistriúcháin ar theidil leabhar nár aistríodh go Béarla fós.

TeidealDáta foilseacháin
AistriúchánSeapáinisSeapáinisAistriúchán
Béarla
Moonlight Shadow (úrscéal gearr)ムーンライト・シャドウ19861993
Kitchenキッチン19881993
Cúr/Tearmannうたかた/サンクチュアリ1988
Teir哀しい予感1988
Goodbye TsugumiTUGUMI19892002
Asleep白河夜船19892000
N.PN・P19901994
Lizard (gearrscéalta)とかげ19931995
Amritaアムリタ19941997
Oíche fhada Marika, Dialann bhrionglóidí in Bali)マリカの永い夜・バリ夢日記1994
Leannán deireanach Hachikoハチ公の最後の恋人1994
SlySLY1996
Mí na Mealaハネムーン19972003
Hardboiled & Hard Luckハードボイルド/ハードラック19992005
Diamhair (aistí)オカルト2000
Grá (aistí)ラブ2000
Bás (aistí)デス2001]]
Beatha (aistí)ライフ2001
Tá gach eolas ag an gcorp体は全部知っている2000
Adhaltranas agus Meiriceá Theas不倫と南米2000
Daisy's Lifeひな菊の人生2000
Ríochtaí, cuid 1: Ardáin Andraiméide王国 その1 アンドロメダ・ハイツ2002
Bogha báistí2002
Argentine Hag (le léaráidí le Yoshitomo Nara)アルゼンチンババア20022002
Éide aingilハゴロモ2003
Cuimhní ar cheann caochデッドエンドの思い出2003
Ní mian liom imeachtなんくるない2004
High and dry (An chéad ghrá)High and dry (はつ恋)2004
Claibín na mara海のふた2004
Ríochtaí, cuid 2: Crá, scáil na rudaí caillte, draíocht王国 その2 痛み、失われたものの影、そして魔法2004
Ríochtaí, cuid 3: An gairdín rúnda王国 その3 ひみつの花園2005
The Lakeみずうみ20052010
Deilfイルカ2006
Scáileanna daoineひとかげ2006
Mise agus Chieチエちゃんと私2007
Brionglóid faoi Hawaiiまぼろしハワイ2007
An rinn theasサウスポイント2008
Ina taobh siúd彼女について2008
Moshi-Moshi: A Novelもしもし下北沢20102016
Deirfiúracha dearcáinどんぐり姉妹2010
Ríochtaí, cuid 4: Saol eileアナザー・ワールド 王国 その42010
Siosarnachジュージュー2010
An saol aoibhinn eile údスウィート・ヒアアフター2011
Oíche le Sakiさきちゃんたちの夜2013
Scroid Chidoriスナックちどり2013
An dtabharfaimid grá dá chéile?僕たち、恋愛しようか?2013
Ar bhláthcheapach花のベッドでひるねして2013
Éin鳥たち2014
Oíche an tsorcaisサーカスナイト2015
Funafu Funabashiふなふな船橋2015

Nótaíathraigh foinse

Naisc sheachtrachaathraigh foinse

🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontAn tAontas SóivéadachGene SimmonsVicipéid:Halla baileStáit Aontaithe MheiriceáSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchSouth Park: Bigger, Longer & UncutVicipéid:Séanadh ginearáltaAn Dara Cogadh DomhandaVicipéid:CabhairVicipéid:Lárionad comhphobailAn VicipéidRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannVicipéid:Cúrsaí reathaGluaiseacht (úrscéal)Juan Antonio VillacañasJean SimmonsTeach na nIonadaithe, Stáit Aontaithe MheiriceáJohn HumePádraig Mac SuibhneAn GhaeilgeAn AramaisRobert FicoVicipéid:RéamhráÚsáideoir:MALA2009/Síscéal (Béarla)Catagóir:Síolta tíreolaíochta na hÉireannPápa Cléimeans VIIHippuris vulgarisCruidín crainnMarie Antoinette na hOstaireCúcabarraGradaim an AcadaimhSpeisialta:MyTalkPeter PellegriniSpeisialta:MyContributionsComhriachtainRéileán láibe