Bunreacht Meiji
Tháinig Bunreacht Meiji sa tSeapáin i bhfeidhm ar an 29 Samhain 1890.[1] D'fhorógair Impire na Seapáine i mí Feabhra 1889 an bunreacht nua, chun urra a chur leis an gclaochlú i gcóras rialtais na tíre a tharla ó dheireadh na seoganáide[2][3] sa bhliain 1868.
Lipéad sa teanga dhúchais | (ja) 大日本帝國憲法 |
---|---|
Cineál | bunreacht |
Fógairt | 11 Feabhra 1889 |
Dáta foilsithe | 11 Feabhra 1889 |
Teacht i bhfeidhm | 29 Samhain 1890 |
Tír | Impireacht na Seapáine |
Sínitheoir | |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Classical Japanese (en) |
Ar feadh tuairim agus seasca bliain ina dhiaidh sin, níor réitíodh riamh an neamhréir a bhí sa cháipéis idir monarcacht absalóideach agus daonlathas liobrálach.[4]
Sa bhliain 1947 cuireadh bunreacht reatha na Seapáine in ionad Bunreacht 1889.
Tagairtí
🔥 Top keywords: