Is é is cainneon ann ná gleann domhain le taobhanna atá gar do bheith ceartingearach, a gearradh amach ag abhainn, go minic i réigiún lom tirim nó leath-thirim. Faightear cainneoin fhomhuirí ar na fánaí ilchríochacha, agus tuigtear gur cnaíodh iad ag sruthanna moirtiúlachta.[1]