Caisleán de chuid an 15ú haois atá suite in abhantrach na Loire sa Fhrainc is ea Caisleán Montsoreau (Fraincis: Château de Montsoreau).[1] Tógadh é do Sheán Chambes sa bhliain 1453. Tosaíodh ar an bpálás a thógáil agus Charles VII ina rí ar an bhFrainc.[2] Tá athchóiriú nua-aimseartha déanta air agus úsáidtear é sa lá atá inniu ann chun ealaín chomhaimseartha a chur i láthair do thurasóirí.[3][4][5][6][7][8][9][10]