Cath Kursk |
Cuid de Fronta Thoir den Dara Cogadh Domhanda |
Fórsaí Gearmánacha |
---|
Dáta: | 5 Iúil 1943 – 23 Lúnasa 1943 |
Áit: | Kursk, APSS |
Toradh: | Bua Sóivéadach |
Céilí comhraic |
|
Ceannasaithe |
Erich von Manstein Günther von Kluge Hermann Hoth Werner Kempf Walter Model Otto Deßloch Robert Ritter von Greim | Georgy Zhukov Konstantin Rokossovsky Nikolai Vatutin Ivan Konev Pavel Rotmistrov Sergei Rudenko Kirill Moskalenko |
|
Slua |
|
Taismigh |
|
† Fuair bás sa choimhlint |
Comhrac idir fórsaí Gearmánacha agus Sóivéadacha le linn an Dara Cogadh Domhanda ab ea Cath Kursk, a troideadh ar an bhFronta Thoir i ngar do Kursk (450 ciliméadair thiar theas de Mhoscó) san Aontas Sóivéadach idir 5 Iúil - 23 Lúnasa 1943.
Cuireadh tús leis an gcath nuair a rinne na Gearmánaigh ruathar mar chuid d'Oibríocht Dúnfoirt (Gearmáinis: Unternehmen Zitadelle) ar an 5 Iúil. An sprioc a bhí i gceist ná ruathair aduaidh agus aneas araon chun scoilt a chur idir na Rúisigh ar an dá thaobh den mhachaire.
Agus neart an ionsaithe ag maolú de réir a chéile ar an dtaobh thuaidh den mhachaire, chuir na Rúisigh tús le frithionsaí dá gcuid féin ar an 12 Iúil. Oibríocht Kutuzov (Rúisis: Кутузов) a thugadar uirthi agus í dírithe ar chúl na bhfórsaí Gearmánacha ar an dtaobh thuaidh. Ar an taobh theas, rinne na Rúisigh frithionsaithe fíochmhara eile ar an lá céanna, ar eascair eachtra mór géarchogaíochta darb ainm Cath Prokhorovka as.
Féach freisin
Tagairtí