Ceann Faoladh mac Colgan
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Ceann Faoladh mac Colgan (Sean-Ghaeilge Cenn Fáelad mac Colgan (bás 682[1]). Ba bhall den ghéag darbh ainm Uí Bhriúin Seola, lonnaithe thart timpeall ar Thuaim, Contae na Gaillimhe. Is é an chéad duine den ghéag seo luaite sna hannála.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 682 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Feictear Ceann Faoladh sin chéad uair sa bhliain 653, nuair a maraíodh chomhghuaillí Uí Fhiachrach Aidhne, Marcán mac Tomaini, rí Uí Mhaine, ag troid in Iarthair Seola ag Ceann Faoladh féin agus Máenach mac Báethíne. I nAnnála na gCeithre Máistrí, deirtear go raibh Máenach ina thaoiseach Uí Bhriúin.[2]
Déantar trácht ais ar Cheann Faoladh dá bhliain 663 , nuair a insítear i nAnnála Tiarnaigh go ndearnadh rí Chonnacht de, i gcomharbacht ar Ghuaire Aidhne (bás 663). Feictear é fosta sna ríliostaí mar rí tar éis Ghuaire.[3] Maítear sa Chronicum Scotorum ámh go raibh Muirchertach Nár mac Guairi ina rí Chonnacht sa bhliain 668.[4] The annals also mention a certain Dub-Indracht mac Dúnchada as king of the Uí Bhriúin of Mag nAí sa bhliain 666.[5][6]
Luaitear Ceann Faoladh don uair dheireanach sa bhliain 682, nuair a deirtear gur maraíodh é ag Ulcha Dearg ua Caillidhe de Conmhaicne Cuile,[7] aitheachthuath Uí Bhriúin Seóla. Measann Francis Byrne go ndearnadh seo mar fhreagairt ar pholasaí cheansú agus ionghabháil Uí Bhriúin.[8]
De shliocht Chinn Faoladh iad Muintir Murchadha agus Clann Cosgraigh.[9]