Dúnmharú Sarah Everard

Dúnmharaíodh Sarah Everard (a rugadh 30 Samhain 1989) ar 4 Márta 2021 i Kent, Sasana.[1][2] Fuadaíodh í ag Poynders Court Londain[3] agus trácht coisithe go leor ann.[4]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Sarah Everard
Cineálfuadach
dúnmharú
foréigin in aghaidh na mban Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana3 Márta 2021 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhClapham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachSarah Everard Cuir in eagar ar Wikidata


cuimhneachán do Sarah ar an toirt, 13 Márta 2021

Imeachtaí

Chonacthas Sarah Everard den uair dheiridh ag siúl abhaile ó árasán chara léi i ndeisceart Londain ar 3 Márta 2021. Tachtaíodh í cúpla uair níos déanaí in aice le Dover.

Thángthas ar na taisí daonna i gceantar coille in Ashford, Kent ar 12 Márta. Bhí Everard ar iarraidh le 8 lá.

Tugadh póilín, Wayne Couzens, os comhair cúirte i Londain ar 13 Márta maidir le dúnmharú Everard.[5] Cúisíodh é as Everard a fhuadach agus a dhúnmharú. Gearradh príosúnacht saoil air níos déanaí.

Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain - ní raibh muinín ag Méara Londan Sadiq Khan aisti.

Conspóidí

Ar 13 Márta 2021, tharla achrann  idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag bigil neamhoifigiúil ag Clapham Common, Londain.[6] Theastaigh ón lucht eagraithe go gcuirfí an bhigil ar ceal mar gheall ar shrianta COVID-19, ach  níor tharla sé sin.[7]

Bhí cáineadh géar déanta ar phóilín faoin mbealach ar laimhséail siad an cuimhneachán, a bhí eagraithe i gcuimhne ar Sarah Everard. Dúradh go raibh ar na póilíní gníomhú ar mhaithe le daoine a choinneáil slán sábháilte.

Cáineadh na póilíní i Londain go minic le linn 2021-2022 as an dóigh a caitheadh le mná, agus an cultúr nimhiúil san fhórsa maidir le gnéasachas agus ciníochas.[8] D'éirigh Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain,[9] as a post i rith 2022.

Féach freisin

  • Cressida Dick

Tagairtí

🔥 Top keywords: