Dlí imchoimeád an fhuinnimh
Conchlúid san eolaíocht nach féidir fuinneamh a chruthú ná a dhíothú. Is féidir é a athrú ó shaghas amháin go dtí saghas eile: fuinneamh meicniúil go dtí teas trí fhrithchuimilt, mar shampla, fuinneamh leictreach go dtí fuinneamh meicniúil i mótar, nó go dtí teas i dtéitheoir, agus mar sin de. Samhlaítear maisfhuinneamh in imoibriú núicléach ina n-athraítear mais go dtí fuinneamh trí ghaol iomráiteach Einstein, E = mc2, mar shaghas amháin fuinnimh a bhíonn clúdaithe ag an dlí seo.
Naisc sheachtracha
- Khan Academy Law of conservation of energy.[1] https://www.youtube.com/watch?v=HR5iEX3Sy1k
Tagairtí
🔥 Top keywords: