James Hutton
Geolaí a rugadh agus a d'éag i nDún Éideann ab ea James Hutton (3 Meitheamh sa tseanstíl (nó 15 Meitheamh sa nuastíl) 1726 – 26 Márta 1797). Leag a leabhar cáiliuil A Theory of the Earth (Teoiric den Domhan, 1795) bunsraith na geolaíochta nua-aoisí.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Meitheamh 1726 Dún Éideann (Ríocht na Breataine Móire) |
Bás | 26 Márta 1797 70 bliana d'aois Dún Éideann (Ríocht na Breataine Móire) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Áit adhlactha | Greyfriars Kirkyard (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann Ollscoil Leiden Ollscoil Pháras An Ardscoil Ríoga |
Áit chónaithe | Ríocht na Breataine Móire |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Geolaíocht, talmhaíocht agus meitéareolaíocht |
Gairm | geolaí, tionsclaí, feirmeoir, meitéareolaí, dochtúir leighis |
Ball de | Cumann Ríoga Dhún Éideann (1783–) |
Mac/iníon léinn de chuid | Colin Maclaurin agus Guillaume-François Rouelle |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | John Hutton Balfour (en) (col seisir) Isaac Bayley Balfour (second cousin once removed descending (en) ) |
Chuir Hutton an smaoineamh chun cinn gur féidir cianstair an domhain fhisiciúil a thuiscint as fianaise i gcarraigeacha an lae inniu. Trína staidéar ar ghnéithe i dtírdhreach agus cóstaí a chuid ísealchríocha dúchasacha in Albain, mar shampla Salisbury Crags nó Rubha Siccar, d'fhorbair sé an teoiric nach bhféadfadh gnéithe geolaíochta a bheith statach ach go ndearnadh claochlú leanúnach orthu thar thréimhsí fada éiginnte. As seo d'áitigh sé, agus é ar aon intinn le go leor geolaithe luath eile, nach bhféadfadh an Domhan a bheith óg. Bhí sé ar dhuine de na moltóirí ba luaithe de choincheap ar tugadh an t-aonfhoirmeachtachas air sna 1830idí. Sé sin an eolaíocht a mhíníonn gnéithe de screamh an Domhain mar thoradh ar phróisis nádúrtha leanúnacha thar an scála geolaíoch. Chuir Hutton teoiric ar aghaidh freisin maidir system of the habitable Earth, a mholadh meicníocht dhiasaíochc chun an domhan a choinneáil oiriúnach go deo do dhaoine, iarracht luath chun prionsabal na hantrapachta de chineál amháin a leagan amach.