Kamala Harris
Is í Kamala Devi Harris, a rugadh ar 20 Deireadh Fómhair 1964 in Oakland, California, leasuachtarán na Stát Aontaithe agus iar-sheanadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá sóisearach ó California. Is ball den Pháirtí Daonlathach í.
Saol
Rugadh Harris in Oakland, California. Tá cúlra spéisiúil ag Harris, de bhunadh na Mara Cairib, oileán Iamáice agus dheisceart na hIndia.[1][2]
Bhain Harris céimeanna amach ó Ollscoil Howard[3] agus Hastings College of the Law[4] (Ollscoil California).
Chaith Harris roinnt blianta mar Ard-Aighne i gCalifornia. Thuill sí cáil mar bhean a bhí géar ar choiriúlacht. Le linn na tréimhse sin, chuir sí aithne ar mhac le Joe Biden, Beau, nach maireann, a bhí ina Ard-Aighne in Delaware.
Toghadh ina Seanadóir í in 2016, an dara bean den chine gorm i Seanad na Stát Aontaithe.
Leasuachtarán na Stát Aontaithe
Ar 11 Lúnasa 2020, d'fhógair Joe Biden gurb í a rogha mar iarrthóir an Pháirtí Daonlathach ar leasuachtarán na Stát Aontaithe, in éineacht leis féin sa toghchán uachtaránachta ar 3 Mí na Samhna 2020.
Ise an chéad duine de shliocht Afracach agus an chéad duine de shliocht Áiseach le bheith ainmníthe don phost sin ag ceann de na mórpháirtithe sna Stáit Aontaithe.[5]