Liathán
Orgán bog íogair, réasúnta inghluaiste, is ea an liathán ar feidhm dó baictéir, prótasóin agus páirteagail nach bhfuil beatha iontu a ghlanadh amach as an gcolainn. Milleann sé cealla dearga fola, agus meitibilíonn iarann, saill is próitéiní. Faoi chosaint chás na n-easnacha ar an taobh clé den cholainn i dtreo na meánlíne ar chúl. Ní féidir é a bhrath ón taobh amuigh muna mbíonn sé ata suas le 3 oiread a mhéide normálta. Faigheann sé soláthar fola mór ón aorta, agus feidhmíonn mar thaiscumar chun gur féidir fuil a thabhairt ar ais don imshruthú ginearálta nuair is gá é. Is féidir é a bhriseadh le buillí láidre don chuid íochtarach ar clé den chás tóracsach. Má tharlaíonn a leithéid, cuireann sé fuil go trom, agus is gá é a thógaint amach go tapa nó líonfaidh an cuas boilg le fuil is gheobhaidh duine bás go tapa. Má chailleann duine fásta a liathán, ní tharlaíonn aon drochiarmhairtí dó de ghnáth.[1]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | splen |
Cuid de | córas imdhíonach |
splenic artery (en) | |
splenic vein (en) | |
Aitheantóirí | |
MeSH | D013154 |
TA | A13.2.01.001 |
FMA | 7196 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1282 |
EB Online | science/spleen-anatomy |
Téarmaíocht anatamaíoch |