Maria Sharapova
imreoir leadóige Rúiseach
Is imreoir leadóige í Maria Sharapova. Is Rúiseach í agus rugadh í ar 19 Aibreán 1987. Bhuaigh sí an comórtas leadóige i Wimbledon sa bhliain 2004 agus bhuaigh sí Craobhchomórtas Oscailte Leadóige na Fraince i 2012 agus arís i 2014 agus bhuaigh sí Oscailte na hAstráile i 2008 agus Oscailte i Nua-Eabhrac i 2006.
Sa bhliain 2016, theip ar Maria Sharapova i dtriail drugaí spóirt san Astráil. Ar na meáin chumarsáide dúirt sí go raibh brón uirthi go ndearna sí an botún seo.
🔥 Top keywords: