Oinisc

Cineál calcadóine, mianra sileacáite, a bhfuil bandaí comhthreomhara inti is ea oinisc. Is cineál calcadóine é agáit freisin; an difríocht amháin eatarthu ná foirm na mbannaí — tá bannaí cuartha in agáit agus bannaí comhthreomhara in oinisc. Go hiondúil, bíonn bandaí dubha agus/nó bána in oinisc.[1] Tugtar an t-ainm “oinisc” freisin ar chlocha éagsúla a bhfuil bandaí comhthreomhara iontu: albastar, marmar, cailcít, obsaidian, agus ópal.[2][3][4]

Infotaula de mineralOinisc

Siombail cheimiceachSiO₂
EapainmIonga
Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Criostalchórascriostalchóras tríogánach
Cruas Mohs7
Dlús2.659

Sanasaíocht

Tagann an focal “oinisc” ón tSean-Ghréigis ὄνυξ , a chiallaíonn “ionga”, tríd an Laidin onyx. Uaireanta bíonn cosúlacht áirithe idir clocha oinisc a bhfuil bandaí ar dhath an chraicinn iontu agus ingne.[5]

Tagairtí

🔥 Top keywords: