Ródaidéandran
géineas plandaí
Tom nó crann beag síorghlas, uaireanta eipifít, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh, ach cruinnithe sa réigiún mar a mbriseann na haibhneacha móra Áiseacha trí na Himiléithe Thoir, agus an Nua-Ghuine. Faightear é in ithir aigéadach amháin. Na duilleoga ailtéarnach, ubhchruthach de ghnáth is leathrúil. Na bláthanna i gcrobhaingí ag barra na bpríomhghéag, tonnadóirchruthach nó clogchruthach. Na seipil laghdaithe ina bhfaobhair uaireanta, 5-10 bpeiteal is staimíní. Na céadta saghsanna nádúrtha ceansaithe ar eolas, le bláthanna ar an iliomad méideanna is dathanna. Baineann asáilianna leis an ngné chéanna, agus bíonn an chuid is mó de na tréithe thuas acu freisin, ach amháin go bhfuil siad duillsilteach.[1]
Rhododendron | |
---|---|
Rhododendron ponticum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Fofhine | Ericoideae |
Géineas | Rhododendron L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Rhododendron ferrugineum |
Tagairtí
🔥 Top keywords: