Snag (éan)
Is fine éan ar a dtugtar na snaganna é Certhiidae (Béarla: treecreepers). Áitríonn siad coillte le crainn fhásta is coirt gharbh orthu. Gob fada cuarach aige, agus crúba fada atá oiriúnach chun greim a fháil ar an gcoirt. Itheann sé na feithidí a bhíonn istigh i ngága sa choirt, agus is féidir leis siúl suas an choirt á gcuardach, an t-aon éan in Éirinn ar féidir leis an cleas seo a dhéanamh. Téann sé ar an bhfara, a bholg brúite i log sa choirt is a chrúba greamaithe leis an gcoirt taobh amuigh. Déanann sé a nead i bpoll sa chrann as slaitíní le cleití mar líneáil taobh istigh. Tógann sé dhá ál sa bhliain.
Certhiidae | |
---|---|
Snag Meiriceánach | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Certhiidae Leach, 1820 |
Tá aon speiceas déag ann in dhá ghéineas, Certhia agus Salpornis.[1]
Féach freisin
- Snag coiteann — Certhia familiaris
Tagairtí
🔥 Top keywords: