Spásteileascóp Hubble
Teileascóp is ea Spásteileascóp Hubble a scaoileadh chun bealaigh ar 24 Aibreán 1990, agus é ag timpeallú an domhain ó shin i leith.
(19 Bealtaine 2009) | |||||||||||||||
Cineál misean | réadlann spáis | ||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | Goddard Space Flight Center Space Telescope Science Institute | ||||||||||||||
NSSDCA ID | 1990-037B | ||||||||||||||
Uimh. SATCAT | 20580 | ||||||||||||||
Airíonna árthaigh | |||||||||||||||
Monaróir | Lockheed Martin Missiles and Space (en) PerkinElmer | ||||||||||||||
Mais | 12,247 kg | ||||||||||||||
Toisí | scáthán príomhúil: 2.4 () m spásárthach: 4.2 () m 13.25 () m scáthán tánaisteach: 0.31 () m | ||||||||||||||
Tús an mhisin | |||||||||||||||
| |||||||||||||||
Feithicil lainseáil | Tointeálaí Spáis | ||||||||||||||
Conraitheoir | Rockwell International | ||||||||||||||
Iontráil i seirbhís | 20 Bealtaine 1990 | ||||||||||||||
Deireadh an mhisin | |||||||||||||||
Athiontráil | 2030í (ionchais) | ||||||||||||||
Gníomhachtaigh fithiseach
| |||||||||||||||
Príomh-theileascóp | |||||||||||||||
Fad fócasach | 57.6 m | ||||||||||||||
Limistéar bailiúcháin | 4.525 m² agus 0.0754 m² | ||||||||||||||
Liosta
| |||||||||||||||
Is féidir leis an spásteileascóp Hubble íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás. Sna blianta 1990idí, 2000idí agus 2010idí, thug Hubble na híomhánna is fearr riamh a thabhairt dúinn, ag an am sin, ar na réaltaí, réaltraí agus grianchórais atá fad uainn.[1][2][3]
Ní hé spásteileascóp Hubble an chéad teileascóp den chineál seo, ach ba é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás, roimh an James Webb, a lainseáladh sa bhliain 2021.[4]
Fionnachtana
- Thaispeáin Hubble dúinn go bhfuil b'fhéidir thart ar thrilliún réalta ann.[5] Agus tá breis agus 100 billiún réaltra ar nós Andromeda sa chruinne ar fad, is cosúil.[6]
- Tháinig Hubble ar ghealach nua ar fithis mórthimpeall ar an bpláinéad Neiptiún i 2014, an pláinéad gorm‑uaine sin atá i bhfad i gcéin.
Tréithe
Tá mais 11,110 kg ag Spásteileascóp Hubble.[7]
Má théann aon rud mícheart leis an teileascóp, tá sé an-dhaor chun é a dheisiú. Caithfidh tointeálaí spáis dul ann chun na deisiú a dhéanamh.
Sanasaíocht
Tá an spásteileascóp seo ainmnithe as Edwin Hubble, réalteolaí Meiriceánach a bhí ina cheannródaí i dtaighde na réaltraí.