Stanley Prusiner
bithcheimicí Meiriceánach
Bithcheimicí a rugadh i nDes Moines, Iowa, ar 28 Bealtaine 1942 is ea Stanley Benjamin Prusiner. Ina thaighde ar ghníomhaithe galar, d'fhionn sé an prión agus léirigh cuid de na galair a bhfuil prióin mar chúis leo. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1997 as an saothar seo. D'fhoilsigh sé Prion Biology and Diseases (Bitheolaíocht is Galair na bPrión, 1999).[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: