Subramanayan Chandrasekhar
réaltfhisicí Indiach-Mheiriceánach
Réaltfhisicí Indiach-Mheiriceánach a rugadh i Lahore na Pacastáine (san India ag an am) ab ea Subramanayan Chandrasekhar (19 Deireadh Fómhair 1910 – 21 Lúnasa 1995). D'oibrigh sé i Meiriceá ar éabhlóid na réaltaí. Bhunaigh sé teorainn Chandrasekhar, an mhais uasmhéideach is féidir a bheith ag réalta fhuar chobhsaí ionas nach n-inphléascfaidh sí ina dúpholl (1.4 uair mhais na Gréine). Thaispeáin sé go teoiriciúil nárbh fhéidir le réalta de mhais timpeall 1.5 uair mhais na Gréine nó níos mó seasamh i gcoinne a himtharraingthe féin, go n-inphléascfadh sí ina dúpholl nuair a bheadh a breosla núicléach ídithe. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le William Alfred Fowler i 1983.[1]
Naisc sheachtracha
Tagairtí
🔥 Top keywords: