Táimhe

Airí réada a chuireann i gcoinne gluaisne. De réir chéad dlí gluaisne Newton, aon réad le mais atá ar fos nó ar luas tairiseach, ní mór fórsa glan a fheidhmiú air chun a staid a athrú, a luas a athrú, agus/nó é a luasghéarú. Nuair a théann mais an réada i méid, is gá an fórsa a mhéadú i gcomhréir leis an mais chun an toradh céanna a fháil. Prionsabal na táimhe a thugtar ar an dlí seo. Más gluaisne uilleach atá i gceist, is gá casmhóimint fórsaí a imirt ar tháimhe réada chun an casadh uilleach a luasghéarú nó a luasmhoilliú.[1]

Tagairtí

🔥 Top keywords: