Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 28 Aibreán 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
Is é an 1 Márta an 60ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 61ú lá i mbliain bhisigh.Tá 305 lá fágtha sa bhliain.
Inniu féile náisiúnta sa Bhreatain Bheag agus Lá Fhéile Dáibhí, éarlamh na Breataine Bige.
589 – Cailleadh Naomh Dáibhí, éarlamh na Breataine Bige (r.500) 1780 – Ba é Pennsylvania an chéad stát i Meiriceá a chuir deireadh le sclábhaíocht 1810 – Rugadh Frédéric Chopin, pianódóir Pollanach (b.1849) 1932 – Fuadaíodh mac óg Charles agus Anne Lindbergh 1940 – Rugadh Nuala Ó Faoláin, iriseoir, léiritheoir teilifíse agus údar Éireannach (b.2008) 1952 – Rugadh Martin O'Neill, bainisteoir sacair 1994 – Fuarthas Fred West ciontach as beirt bhan a dhúnmharú nuair a fuarthas coirp eile ina ghairdínféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Márta an 61ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 62ú lá i mbliain bhisigh.Tá 304 lá fágtha sa bhliain.
1810 – Rugadh Pápa Leo XIII, pápa (b.1903) 1855 – Cailleadh Nioclás I, impire de chuid na Rúise (r.1796) 1930 – Cailleadh D. H. Lawrence, scríbhneoir (r.1885) 1931 – Rugadh Mikhail Gorbachev, ceannaire na Rúise 1942 – Rugadh Lou Reed, ceoltóir 1947 – Rugadh Harry Redknapp, bainisteoir agus iar-imreoir sacair 1948 – Rugadh Rory Gallagher, giotáraí Éireannach (b.1995) 1979 – Rugadh Damien Duff, imreoir sacair 1979 – Cailleadh Christy Ring, 58, iománaí (r.1920) 1999 – Cailleadh Dusty Springfield, amhránaí (r.1939)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Márta an 62ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 63ú lá i mbliain bhisigh.Tá 303 lá fágtha sa bhliain.
1820 – Ghlac Comhdháil na Stát Aontaithe le Comhghéilleadh Missouri. 1847 – Rugadh Alexander Graham Bell, múinteoir, eolaí agus aireagóir Albanach (b.1922) 1926 – Rugadh Lys Assia, amhránaí 1952 – Rugadh Dermot Morgan, fuirseoir agus aisteoir Éireannach (b.1998) 1969 – Lainseáladh Apollo 9 sa spás 1977 – Rugadh Ronan Keating, amhránaí Éireannach 1979 – Rugadh Albert Jorquera, imreoir sacair 1985 – Rugadh Sammy Morrow, imreoir sacair 1987 – Cailleadh Danny Kaye, aisteoir, amhránaí, fuirseoir (r.1911)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Márta an 63ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 64ú lá i mbliain bhisigh.Tá 302 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Chairte (Charter Day, 1681) i bPennsylvania agus Lá Iontrála (Admission Day, 1791) i Vermont.
1678 – Rugadh Antonio Vivaldi, cumadóir (b.1741) 1778 – Rugadh Robert Emmet, ceannaire réabhlóideach Éireannach (b.1803) 1898 – Rugadh Emmet Daltún, réabhlóidí Éireannach (b.1978) 1932 – Rugadh Miriam Makeba, amhránaí (b.2008) 1954 – Rugadh François Fillon, polaiteoir agus Príomh-Aire na Fraince 1964 – Rugadh Brian Mac Amhlaidh, polaiteoir Éireannach 1975 – Déanadh ridire de Charlie Chaplin ag searmanas as Pálás Buckingham 1977 – Léirigh an Russian Imperial Ballet "Swan Lake" don chéad uair i Moscó 1977 – Maraíodh 1,570 duine i Búcairist de bharr crith talún 1994 – Cailleadh John Candy, fuirseoir agus aisteoir (r.1950)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Márta an 64ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 65ú lá i mbliain bhisigh. Tá 301 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Piran (Naomh Ciarán) i gCorn na Breataine
1133 – Rugadh Anraí II, rí Shasana (b.1189) 1496 – D'eisigh Anraí III Shasana litreacha paitinne a thug cead taiscéalaíochta do John Cabot agus dona mhic 1770 – Sléacht Bhostún inar mharaigh saighdiúirí Briotanacha cúigear sibhialtach 1815 – Cailleadh Franz Mesmer, lia agus astralaí Gearmánach (r.1734) 1827 – Cailleadh Alessandro Volta, eolaí agus fisiceoir Iodálach (r.1745) 1870/1 – Rugadh Rosa Luxemburg, fealsúnaí sóisialach Gearmánach (b.1919) 1953 – Rugadh Brian Kerr, bainisteoir sacair 1953 – Cailleadh Iósaf Stailín, réabhlóidí agus ceannaire an Aontais Shóivéadaigh (r.1878) 1956 – Sheas Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe leis an gcosc ar leithlisiú ciníocha i scoileanna stáit, coláistí agus ollscoileanna 1960 – Tháinig Elvis Presley abhaile tar éis dó a bheith in arm Mheiriceá ar feadh dhá bhliain 1963 – Cailleadh Patsy Cline, amhránaí Meiriceánach, i dtuairt eitleáin (r.1932)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Márta an 65ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 66ú lá i mbliain bhisigh. Tá 300 lá fágtha sa bhliain.
1475 – Rugadh Michelangelo, ealaíontóir (b.1564) 1918 – Cailleadh Seán Mac Réamainn, polaiteoir Éireannach (r.1856) 1930 – Chuaigh an chéad bheatha reoite de chuid Clarence Birdseye ar díol i Springfield, Massachusetts 1935 – Rugadh Ronnie Delaney, lúthchleasaí Éireannach 1939 – Rugadh Kit Bond, polaiteoir Meiriceánach 1982 – Rugadh J. J. Ó Dúláinne, imreoir iománaíochta 1984 – Rugadh Daniël de Ridder, imreoir sacair 1988 – Mharaigh SAS na Breataine triúr ball den IRA i nGiobráltarféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Márta an 66ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra no an 67ú lá i mbliain bhisigh.Tá 299 lá fágtha sa bhliain.
1274 – Cailleadh Tomás ó Aquino, sagart agus fealsamh (r.~1225) 1629 – Cailleadh Johann Bayer, réalteolaí Gearmánach (r.1572) 1875 – Rugadh Maurice Ravel, cumadóir ceoil Francach (b.1937) 1906 – Thug an Fhionlainn cead do mhná vótáil 1926 – Tharla an chéad chomhrá tras-Atlantach idir Nua-Eabhrac agus Londain 1960 – Rugadh Ivan Lendl, imreoir leadóige 1977 – Rugadh Ronan O'Gara, imreoir rugbaí Éireannach 1999 – Cailleadh Stanley Kubrick, stiúrthóir scannáin (r.1928)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Márta an 67ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 68ú lá i mbliain bhisigh. Tá 298 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan.
1700 – Rugadh Anne Bonney, foghlaí mara (b.t.1782) 1702 – Cailleadh Liam III Shasana, rí Shasana (r.1650) 1859 – Rugadh Kenneth Grahame, údar Sasanach (b.1932) 1874 – Cailleadh Millard Fillmore, 74, 13ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1800) 1929 – Rugadh Hebe Camargo, aisteoir agus amhránaí Brasaíleach 1930 – Cailleadh William H. Taft, 62, 27ú Uachtarán na Stát Aontaithe (r.1857) 1985 – Maraíodh 80 duine agus gortaíodh 200 duine eile nuair phléasc buama cairr i mBéiriút na Liobáineféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Márta an 68ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra no an 69ú lá i mbliain bhisigh. Tá 297 lá fágtha sa bhliain.
1877 – Rugadh Emil Abderhalden, bithcheimiceoir agus fiseolaí Eilvéiseach (b.1950) 1934 – Rugadh Yuri Gagarin (pictiúr), spásaire Sóivéadach (b.1968) 1943 – Rugadh Robert James "Bobby" Fischer, ficheallaí (b.2008) 1954 – Rugadh Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh (Bobby Sands), poblachtánach (b.1981) 1973 – Caitheann muintir Thuaisceart Éireann vóta le fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe 1976 – Maraíodh 42 duine, leanaí ina measc, nuair a bhriseann an cábla ar charr cábla san Iodáil 1995 – Tugann an Bhanríon agus Diúic Dhún Éideann cuairt ar Thuaisceart Éireann 1996 – Cailleadh Oilibhéar Breathnach, imreoir agus bainisteoir iománaíochta (r.1937) 1997 – Cailleadh The Notorious B.I.G., ceoltóir Meiriceánach (r.1972)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Márta an 69ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra no an 70ú lá i mbliain bhisigh. Tá 296 lá fágtha sa bhliain.
1845 – Rugadh Alastair III, sár na Rúise (b.1894) 1881 – Rugadh Piaras Béaslaí, scríbhneoir Gaeilge agus saighdiúir (b.1965) 1883 – Rugadh Pádraig Ó Siochfhradha ("An Seabhac"), scríbhneoir agus múinteoir (b.1964) 1928 – Rugadh James Earl Ray, feallmharfóir Martin Luther King (b.1998) 1947 – Rugadh Dónal Lunny (pictiúr), ceoltóir Éireannach 1952 – Rugadh Morgan Tsvangirai, polaiteoir agus Príomhaire na Siombáibe 1957 – Rugadh Osama bin Laden 1968 – Cailleadh Donnchadha Ó Máille, 46, polaiteoir agus Aire Oideachais na hÉireann (r.1921) 1969 – Tugadh téarma príosún 99 bliain do James Earl Ray as Martin Luther King a fheallmharú 1973 – Maraíodh oifigigh ón mBreatain i mBeirmiúda 1985 – Cailleadh Konstantin Chernenko, Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach an APSS (r.1911) 1990 – Ghearr cúirt i mBagdad san Iaráic pianbhreith báis ar iriseoir, Farzad Bazoft 2005 – Cailleadh Dave Allen, fuirseoir Éireannach (r.1936)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Márta an 70ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 71ú lá i mbliain bhisigh. Tá 295 lá fágtha sa bhliain.
1722 – Cailleadh John Toland, fealsamh Éireannach (r.1670) 1857 – Rugadh Tomás Ó Cléirigh, réabhlóidí Éireannach (b.1916) 1936 – Rugadh Harald zur Hausen, lia Gearmánach 1952 – Rugadh Douglas Adams, scríbhneoir Sasanach (b.2001) 1953 – Rugadh Máire Ní Áirne, polaiteoir Éireannach 1969 – Cailleadh John Wyndham, scríbhneoir Sasanach (r.1903) 1974 – D'éalaigh beirt spiadóirí de chuid Rialtas na Breataine as príosún in Éirinn 1976 – Rugadh Thomas Gravesen, imreoir sacair Danmhargach 1978 – Rugadh Didier Drogba, imreoir sacair ón gCósta Éabhair 2001 – Tháinig cásanna nua den ghalar crúb agus béil chun cinn i Sasana 2006 – Cailleadh Slobodan Milošević, Uachtarán na Seirbia (r.1941) 2011 – Bhuail crith talún cumasach agus súnámaí oirthear na Seapáine féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Márta an 71ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 72ú lá i mbliain bhisigh. Tá 294 lá fágtha sa bhliain.
1685 – Rugadh George Berkeley, fealsamh Éireannach (b.1753) 1881 – Rugadh Väinö Tanner, Príomh-Aire na Fionlainne (b.1966) 1922 – Rugadh Jack Kerouac, scríbhneoir agus péintéir Meiriceánach (b.1969) 1925 – Cailleadh Sun Yat-sen, ceannaire Síneach (r.1866) 1948 – Cailleadh George Noble Plunkett, an Cunta Pluincéad, náisiúnaí Éireannach (r.1851) 1968 – Rugadh Aaron Eckhart, aisteoir Meiriceánach 1969 – Phós Paul McCartney agus Linda Eastman i Londain 1993 – Maraíodh beagnach 200 duine nuair a phléasc buamaí i Mumbai san India 1994 – D'oirnigh Eaglais Shasana sagairt baineanna don céad uairféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Márta an 72ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 73ú lá i mbliain bhisigh. Tá 293 lá fágtha sa bhliain.
1593 – Rugadh Georges de la Tour, péintéir Francach (b.1652) 1881 – Cailleadh Alastair II, impire na Rúise (r.1818) 1901 – Cailleadh Benjamin Harrison, 67, 23ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1833) 1957 – Rugadh Patricia McKenna, polaiteoir Éireannach 1961 – Cuireadh i leith triúir fear agus beirt bhan as an mBreatain a bhí ag spiaireacht do Mhoscó 1996 – Maraíodh 16 leanbh nuair a déanadh sléacht i scoil i nDùn Bhlàthain san Albain 1998 – Cailleadh Hans von Ohain, innealtóir (r.1911) 2006 – Cailleadh Jimmy Johnstone, 61, imreoir sacair (r.1944)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Márta an 73ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 74ú lá i mbliain bhisigh. Tá 292 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Howaito dē (ホワイトデー) sa tSeapáin.
1820 – Rugadh Vittorio Emanuele II na Saváí, Rí na hIodáile (b. 1878) 1835 – Rugadh Giovanni Schiaparelli, réalteolaí Iodálach (b. 1910) 1877 – Cailleadh Juan Manuel de Rosas, polaiteoir Airgintíneach (r. 1793) 1879 – Rugadh Albert Einstein, fisiceoir (b. 1955) 1883 – Cailleadh Karl Marx, athair an chumannachais (r. 1818) 1933 – Rugadh Michael Caine, aisteoir Sasanach 1964 – Daoradh chun báis Jack Ruby as Lee Harvey Oswald a dhúnmharú. Tarraingíodh siar an cinneadh sin agus chaith sé an chuid eile dá shaol sa phríosún 1984 – Lámhachadh agus gortaíodh Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, i gcroílár Bhéal Feirste 2018 – Cailleadh Stephen Hawking, fisiceoir Sasanach (r. 2018)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Márta an 74ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 75ú lá i mbliain bhisigh. Tá 291 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Idus Martias sa tSean-Róimh, agus Lá na mBunreachta sa Bhealarúis.
44 RC – Cailleadh Iúil Caesar, polaiteoir sa tSean-Róimh (r.100 RC) 1493 – Tháinig Críostóir Colum an chéad uair ar ais ó Mheiriceá 1767 – Rugadh Andrew Jackson, 7ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1845) 1813 – Rugadh John Snow, lia Sasanach (b.1858) 1852 – Rugadh Lady Gregory, drámadóir agus béaloideasóir Angla-Éireannach (b.1932) 1937 – Cailleadh H. P. Lovecraft, scríbhneoir (r.1890) 1969 – Rugadh Pat Fenlon, bainisteoir agus iar-imreoir sacair 1981 – Scaoileadh saor na daoine a bhí á gcoinneáil ina aghaidh a dtolla ar eitleán ag ceannaircigh ón bPalaistín 1990 – Chuir údaráis san Iaráic chun bás Farzad Bazoft, iriseoir de chuid The Observerféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Márta an 75ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 76ú lá i mbliain bhisigh. Tá 290 lá fágtha sa bhliain.
37 – Cailleadh Tiberius Claudius Nero Caesar, impire Rómhánach (r.46 RC) 1534 – Chuir an Bhreatain deireadh leis an gcaidreamh a bhí eatarthu agus an Eaglais Chaitliceach 1751 – Rugadh James Madison, 4ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (b.1836) 1789 – Rugadh Georg Ohm, eolaí Gearmánach (b.1854) 1930 – Cailleadh Miguel Primo de Rivera, deachtóir míleata Spáinneach (r.1870) 1953 – Rugadh Richard Stallman, gníomhaíoch ar son saoirse na mbogearraí 1959 – Rugadh Jens Stoltenberg, polaiteoir agus eacnamaí Ioruach 1966 – Láinseáileadh Gemini 8 le Neil Armstrong agus David Scott 1978 – Fuadaíodh iar-Phríomh Aire na hIodáile Aldo Moro sa Róimh 1988 – Mharaigh gunnadóir triúr agus ghortaigh sé 50 duine ar a laghad agus iad ag freastal ar shochraid ball den IRA a maraíodh i Giobráltar 1989 – Rugadh Theo Walcott, imreoir sacairféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Márta an 76ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 77ú lá i mbliain bhisigh. Tá 289 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Pádraig.
461 nó 493 – Cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na nGael (r.~5ú hAois) 1762 – Chuir saighdiúirí as Éirinn ar dualgas le hArm na Breataine paráid in ómós do Naomh Pádraig ar siúl i Nua Eabhrac don chéad uair 1877 – Rugadh Mícheál Ó hAnnracháin, réabhlóidí Éireannach (b.1916) 1919 – Rugadh Nat King Cole, amhránaí Meiriceánach (b.1965) 1939 – Rugadh Giovanni Trapattoni, bainisteoir sacair 1976 – Rugadh Stephen Gately, amhránaí (b.2009) 1978 – Theith na mílte sibhialtach ón bPalaistín deisceart na Liobáine de bharr ionsuithe Iosrael 1995 – Bhásaigh an coirpeach Ronnie Krayféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Márta an 77ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 78ú lá i mbliain bhisigh. Tá 288 lá fágtha sa bhliain.
1745 – Cailleadh Robert Walpole, Príomh-Aire na Breataine (r.1676) 1837 – Rugadh Grover Cleveland, 22ú agus 24ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1908) 1844 – Rugadh Nikolai Rimsky-Korsakov, cumadóir ceoil Rúiseach (b.1908) 1869 – Rugadh Neville Chamberlain, polaiteoir Sasanach (b.1940) 1939 – Rugadh Ron Atkinson, iar-imreoir agus bainisteoir sacair 1941 – Rugadh Wilson Pickett, amhránaí Meiriceánach (b.2006) 1949 – Bunaíodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT, nó NATO) ar an lá seo 1949 – Rugadh Alex Higgins, imreoir snúcair Éireannach 1977 – Rugadh Danny Murphy, imreoir sacair 1978 – Bhris círéibeacha foréigneacha amach ar na Golan Heights agus maraíodh beirt shaighdiúirí ón Iosrael 1995 – Vótáil daoine geala san Afraic Theas deireadh a chur leis an apairtéidféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Márta an 78ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 79ú lá i mbliain bhisigh. Tá 287 lá fágtha sa bhliain.
1813 – Rugadh David Livingstone, taiscéalaí (b.1873) 1897 – Cailleadh Antoine Thomson d'Abbadie, tíreolaí agus taiscéalaí (r.1810) 1905 – Rugadh Albert Speer, ailtire agus ball de Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine (b.1981) 1930 – Cailleadh Arthur Balfour, príomhaire na Ríochta Aontaithe (r.1848) 1944 – Rugadh Sirhan B. Sirhan, feallmharfóirí Robert F. Kennedy 1950 – Cailleadh Edgar Rice Burroughs, údar (r.1875) 1974 – Cailleadh Austin Clarke, file, drámadóir, úrscéalaí (r.1896) 1982 – Tháinig grúpa ón Airgintín i dtír sna hOileáin Fháclainne, coilíneacht de chuid na Breataine, agus chuir siad a mbrat náisúnta sa talamh 1988 – Cailleadh Máirtín Ó Direáin, file Éireannach (r.1910) 2003 – Chuir an chomhghuaillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice 2008 – Cailleadh Arthur C. Clarke, scríbhneoir ficsin eolaíochta, cumadóir (r.1917)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Márta an 79ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 80ú lá i mbliain bhisigh. Tá 286 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Fhéile Abdon agus Sennen in Soissons, an Fhrainc.
1413 – Cailleadh Anraí IV Shasana, Rí Shasana agus Tiarna na hÉireann (r. 1367) 1890 – D'éirigh seansalar na Gearmáine, Otto von Bismarck, as a phost 1914 – Ceannairc an Churraigh 1958 – Rugadh Helen Hunt, banaisteoir Meiriceánach 1964 – Rugadh Tracy Chapman, amhránaí Meiriceánach 1964 – Cailleadh Breandán Ó Beacháin, scríbhneoir Éireannach (r. 1923) 1969 – Phós John Lennon, amhránaí de chuid na Beatles, agus Yoko Ono 1974 – I Sasana, tháinig an Banphrionsa Anne agus a fear céile slán ó iarracht fuadaithe 1984 – Rugadh Fernando Torres, imreoir sacair 1989 – Mharaigh an IRA beirt oifigeach shinsearacha den RUC in Ard Mhacha 1993 – Mharaigh an IRA beirt leanbh nuair a phléasc dhá bhuama i groílár Warrington, Sasana 2006 – Thug Cuaranfa Larry fogha faoi thuaisceart Queensland san Astráilféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Márta an 80ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 81ú lá i mbliain bhisigh. Tá 285 lá fágtha sa bhliain.
1685 – Rugadh Johann Sebastian Bach, cumadóir ceoil Gearmánach (b.1750) 1958 – Rugadh Gary Oldman, aisteoir Sasanach 1960 – Rugadh Ayrton Senna, tiománaí F1 (b.1994) 1965 – Chuir Martin Luther King tús le ollmhórshiúil ó Selma go Montgomery, Alabama 1978 – Cailleadh Cearbhall Ó Dálaigh, cúigiú hUachtarán na hÉireann (r.1911) 1980 – Rugadh Ronaldinho, imreoir sacair 1984 – Thit cainteanna ag cruinniú mullaigh de chuid an CEE as a chéile 2005 – Cailleadh Pól Ó Foighil, polaiteoir (r.1928) 2009 – Bhuaigh Éire a dara "Grand Slam" sa rugbaí i gcoinne na Breataine Bige i gCaerdyddféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Márta an 81ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 82ú lá i mbliain bhisigh. Tá 284 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Uisce an Domhain" sna Náisiúin Aontaithe.
1786 – Rugadh Joachim Lelewel, staraí náisiúnaíoch Polannach (b.1861) 1799 – Rugadh Friedrich Wilhelm Argelander, réalteolaí Gearmánach (b.1875) 1832 – Cailleadh Johann Wolfgang von Goethe, scríbhneoir Gearmánach (r.1749) 1912 – Rugadh Karl Malden, aisteoir (b.2009) 1931 – Rugadh William Shatner, aisteoir 1947 – Rugadh Louis Grech, polaiteoir Máltach 1958 – Rugadh Janez Potočnik, polaiteoir Slóivéanach 1976 – Rugadh Reese Witherspoon, aisteoirféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Márta an 82ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 83ú lá i mbliain bhisigh. Tá 283 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá na Poblachta sa Phacastáin
1801 – Cailleadh Pól I, Impire na Rúise (r. 1754) 1910 – Rugadh Akira Kurosawa, scannánóir (b.1998) 1919 – Bhunaigh Mussolini páirtí faisisteach i Milano 1946 – Cailleadh Francisco Largo Caballero, 134ú príomhaire na Spáinne (r.1869) 1956 – Rugadh José Manuel Barroso, polaiteoir Eorpach 1973 – Rugadh Jerzy Dudek, imreoir sacair 1987 – Gortaíodh níos mó ná 30 duine nuair a phléasc buama cairr ag ceannáras Arm na Breataine i Rheindahlen na Gearmáine 2001 – Thit an stáisiún spás Rúiseach Mír isteach sa Chiúin-Aigéan 2009 – Cailleadh Liam Mac Riocaird, fear spóirt (r.1930)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Márta an 83ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 84ú lá i mbliain bhisigh. Tá 282 lá fágtha sa bhliain.
1603 – Cailleadh Eilís I Shasana, banríon Shasana (r.1533) 1874 – Rugadh Harry Houdini, draíodóir, éachtóir agus éalú-eolaí (b.1926) 1904 – Cailleadh Jules Verne, scríbhneoir (r.1828) 1909 – Cailleadh John Millington Synge, 37, drámadóir, file, scríbhneoir (r.1871) 1930 – Rugadh Steve McQueen, aisteoir (b.1980) 1958 – Earcaíodh Elvis Presley isteach in Arm na Stát Aontaithe 1989 – Chuaigh an Exxon Valdez, tancaer ola, i dtír in Alasca agus sceith ola ón mbád 1999 – Chuir ECAT tús le hionsaí ar an Iúgslaiv de bharr an ghlanadh eitnigh a bhí ar bun in aghaidh Albánach na Cosaive 2010 – Cailleadh Jim Marshall, grianghrafadóir (r.1936)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Márta an 84ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 85ú lá i mbliain bhisigh. Tá 281 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá na Saoirse (Eikosti-pempti Martiou) sa Ghréig, Lá na Saoirse (Дзень Волі) sa Bhealarúis agus Lá Maryland i Maryland.
1306 – Déanadh Rí na hAlban do Roibeard Brús 1738 – Cailleadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, cláirseoir agus cumadóir Éireannach (r.1670) 1846 – Rugadh Mícheál Dáibhéad, polaiteoir Éireannach (b.1906) 1882 – Cailleadh Henry Wadsworth Longfellow, file (r.1807) 1942 – Rugadh Aretha Franklin, amhránaí Meiriceánach 1947 – Rugadh Elton John, amhránaí Briotanach 1957 – Síníodh Conradh na Róimhe agus bunaíodh an Cómhargadh 1958 – Rugadh John Ensign, polaiteoir Meiriceánach 1958 – Rugadh Margaret Ritchie, polaiteoir Éireannach 1984 – Rugadh Katharine McPhee, amhránaí Meiriceánach 2002 – Mharaigh crith talún sa Afganastáin agus sa Phacastáin os cionn míle duineféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Márta an 85ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 86ú lá i mbliain bhisigh. Tá 280 lá fágtha sa bhliain.
1707 – Cur i bhfeidhm an Acht Aontachta a chruthaigh Ríocht na Breataine Móire 1827 – Cailleadh Ludwig van Beethoven, cumadóir ceoil Gearmánach, 56 (r.1770) 1874 – Rugadh Robert Frost, file Meiriceánach 1902 – Cailleadh Cecil Rhodes, coilíní agus fiontraí gnó Sasanach a bhunaigh stát na Róidéise (r.1853) 1923 – Cailleadh Sarah Bernhardt, banaisteoir Francach (r.1844) 1941 – Rugadh Richard Dawkins, bitheolaí agus scríbhneoir eolaíochta 1944 – Rugadh Diana Ross, ceoltóir Meiriceánach 1945 – Cailleadh David Lloyd George, polaiteoir Briotanach (r.1863) 1971 – Bhain Oirthear na Pacastáine neamhspleáchas amach agus tugadh an Bhanglaidéis ar an tír 1979 – Shínigh uachtarán an hEigipte, Anwar El Sadat, agus príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síochána 1985 – Rugadh Keira Knightley, aisteoir Sasanach 2000 – Toghadh Vladímír Pútín ina uachtarán ar an Rúisféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Márta an 86ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 87ú lá i mbliain bhisigh. Tá 279 lá fágtha sa bhliain.
1625 – Cailleadh Séamas VI, rí na nAlbanach (r.1566) 1629 – Cailleadh George Carew, 1ú Iarla Totnes (r.1555) 1785 – Rugadh Laoiseach XVII, rí na Fraince (b.1795) 1964 – Tharla súnámaí in Alasca nuair a bhuail an crith talún ba mhó i stair Mheiriceá 1968 – Maraíodh Yuri Gagarin, an chéad fhear a bhí sa spás, i dtimpiste eitleáin (r.1934) 1970 – Rugadh Mariah Carey, amhránaí Meiriceánach 1977 – Bhásaigh os coinn 500 duine nuair a bhuail dhá eitleán in aghaidh a chéile in Tenerife, sna hOileáin Chanáracha 1998 – Cheadaigh Aonad Bia agus Drugaí SAM Viagra, druga frithéagumais ghnéasaigh de chuid an chomhlachta Pfizerféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Márta an 87ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 88ú lá i mbliain bhisigh. Tá 278 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Den učitelů" i bPoblacht na Seice.
1921 – Rugadh Dirk Bogarde, aisteoir (b.1999) 1930 – Athraíodh na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc, tugadh İstanbul (Iostanbúl) ar Constantinople (Cathair Chonstaintín) agus tugadh Ankara (Ancara) ar Angora 1939 – Thóg arm Francisco Franco Maidrid, ag cur deireadh le Cogadh Cathartha na Spáinne 1941 – Cailleadh Virginia Woolf, úrscéalaí Briotanach (r. 1882) 1942 – Rugadh Neil Kinnock, polaiteoir Briotanach 1965 – Ghlac na mílte duine páirt i léirsiú de chuid Martin Luther King i Montgomery, Alabama 1969 – Cailleadh Dwight D. Eisenhower, uachtarán SAM (r. 1890) 1979 – Timpiste núicléach Three Mile Island, Pennsylvania, SAM 1991 – Bhí fearg ar theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtubaiste Hillsborough mar bhreith giúiré gur bás tionóisceach a bhí san eachtra 1994 – Cailleadh Eugène Ionesco, scríbhneoir agus drámadóir (r. 1912)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Márta an 88ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 89ú lá i mbliain bhisigh. Tá 277 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Día del joven combatiente" sa tSile.
1790 – Rugadh John Tyler, 10ú huachtarán na Stát Aontaithe (b.1862) 1875 – Cailleadh Seán Ó Máirtín, náisiúnaí Éireannach (r.1812) 1886 – Cuireadh Coca Cola ar díol don chéad uair 1943 – Rugadh Eric Idle, fuirseoir, aisteoir, stiúrthóir scannán 1955 – Rugadh Brendan Gleeson, aisteoir Éireannach 1968 – Rugadh Lucy Lawless, aisteoir 1971 – Daoradh chun báis Charles Manson agus triúr óna bhuíon i Los Angeles 1981 – Rugadh Jlloyd Samuel, imreoir sacair 1982 – Cailleadh Carl Orff, cumadóir ceoil agus múinteoir (r.1895) 2004 – Chuir Poblacht na hÉireann cosc ar thobac a chaitheamh in áiteanna oibreféach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Márta an 89ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 90ú lá i mbliain bhisigh. Tá 276 lá fágtha sa bhliain.
1793 – Rugadh Juan Manuel de Rosas, polaiteoir Airgintíneach (b.1877) 1853 – Rugadh Vincent van Gogh, péintéir Ollannach (b.1890) 1880 – Rugadh Seán Ó Cathasaigh, drámadóir (b.1964) 1964 – Rugadh Tracy Chapman, ceoltóir Meiriceánach 1968 – Rugadh Celine Dion, ceoltóir Ceanadach 1979 – Maraíodh Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Airey Neave nuair a phléasc buama cairr 1981 – Rinneadh iarracht feallmharaithe ar an Uachtarán Reagan i Washington, D.C. 1986 – Cailleadh James Cagney, aisteoir Meiriceánach (r.1899) 2006 – Cailleadh John McGahern, úrscéalaí (r.1934)féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Márta an 90ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 91ú lá i mbliain bhisigh. Tá 275 lá fágtha sa bhliain.
- 1596 – Rugadh René Descartes, matamaiticeoir agus fisiceoir Francach (b.1650)
- 1621 – Cailleadh Pilib III, rí na Spáinne (r.1578)
- 1631 – Cailleadh John Donne, file Sasanach (r.1572)
- 1727 – Cailleadh Isaac Newton, fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (r.1643)
- 1855 – Cailleadh Charlotte Brontë, scríbhneoir Sasanach (r.1816)
- 1871 – Rugadh Art Ó Gríofa (Arthur Griffith), bunaitheoir Sinn Féin (b.1922)
- 1948 – Rugadh Al Gore, polaiteoir Meiriceánach
- 1959 – Theith an Dalai Lama, ceannaire spioradálta na Tibéide, chuig an India
- 1962 – Rugadh Olli Rehn, polaiteoir Fionlannach
- 1972 – D'fhreastail na céadta ar railí i Londain ag léirsiú i gcoinne airm núicléach
- 1990 – Bhris círéibeacha amach i Londain agus daoine ag léirsiú in aghaidh cáin chloigne
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 28 Aibreán 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach