Vigdís Finnbogadóttir
Bhí Vigdís Finnbogadóttir, a rugadh ar an 15 Aibreán sa bhliain 1930, ar an gceathrú hUachtarán ar Phoblacht na hÍoslainne. Chaith sí na blianta ó 1980 go 1996 ina hUachtarán, agus í ar an chéad uachtarán mná a vótáladh isteach riamh.
Rinne Vigdís staidéar ar litríocht agus ar dhrámaíocht in Ollscoil Grenoble, i Sorbonne agus in Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sí amach céim san Oideachas, agus fuair sí post ag Leikfélag Reykjavíkur, ar comhlacht drámaíochta i Réicivíc é.
Ghnóthaigh Vigdís toghchán stairiúil sa bhliain 1980, nó bhí sí ar an chéad Uachtarán mná a toghadh i dtoghchán daonlathach. Vótáladh isteach arís í sna blianta 1984, 1988 agus 1992.
Tá Vigdís ina hambasadóir do UNESCO anois.
Tagairtí
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimediaa bhaineann le: Vigdís Finnbogadóttir.
🔥 Top keywords: