Céimí de chuid Choláiste na Banríona, Ollscoil Áth na nDamh ba ea Bentham sa bhliain 1763 (Master 1766). Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1769 ach ní raibh sé i gcleachtadh riamh.[2]
Thug smaointe Bentham ugach tábhachtach do na daoine a chuir Ollscoil Londan (UCL faoi láthair) ar bun mar an gcéad ollscoil lántuata i Sasana. Ní raibh baint dháiríre ag Bentham le bunú na hinstitiúide nua, ach amháin go ndearna sé cinnte de gur ceapadh a protégé John Austin ina chéad Ollamh le Dlí-eolaíocht ar an ollscoil. Mar sin féin, mar aitheantas ar an spreagadh a thug sé dá bunú, tá a chnámharlach mar chreatlach don "féin íocón" a bhíonn ar taispeáint i UCL de ghnáth.[2]
Cé nach raibh sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht in Ollscoil Londan ach ar feadh ocht mbliana, is téacs bunaidh an phosaitíbheachais dhlíthiúil é The Province of Jurisprudence Determined (1832) le John Austin.
Mar bhunaitheoir fhealsúnacht an fhóntachais i bhfoirm nua-aimseartha, rinne Bentham cáineadh géar ar choincheapa mar an dlí nádúrtha agus na cearta nádúrtha ("seafóid ar chosa taca").[2]
Moladh sé go díograiseach cuíchóiriú a dhéanamh ar dhlí Shasana agus, go háirithe, é a chódú. Ina theannta sin, feictear an bhéim a chuir sé ar luach na trédhearcachta (agus an fhaireachais) sna mholtaí a rinne sé maidir le hathchóiriú an chórais choiriúil, an Panopticon go mór mór. Cé nár tógadh a leithéid sin d'áras riamh réir na sonraíochta a chuir Bentham chun cinn, bhí tionchar ag an smaoineamh sin ar dhearadh na bpríosún sa naoú haois déag agus, mar mheafar don smacht sóisialta agus don easpa príobháideachais, is slat tomhais é fós i ndíospóireachtaí comhaimseartha.[2]
Bhí Bentham i measc na bhfealsamh nua-aimseartha a rinne an cás is luaithe san Iarthar ar son chearta ainmhithe agus gníomhartha homaighnéasacha a dhéanamh dleathach (sa dara cás, argóint nár foilsíodh den chéad uair roimh 1931).[2]