An Grúpa Áitiúil

Sa réalteolaíocht, is é atá i gceist leis an nGrúpa Áitiúil ná an grúpa de réaltraí ina bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, suite. Tá meáchanlár an Ghrúpa Áitiúil idir Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide. Tá an Grúpa deich milliún solasbhliain ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus mais na Gréine méadaithe faoi (1.29 ± 0.14)×1012. Cuid den Fhorbhraisle Áitiúil, ar a dtugtar Forbhraisle na Maighdine freisin, is ea an Grúpa Áitiúil.

Is iad Réaltra Andraiméide agus Bealach na Bó Finne, ar réaltraí bíseacha iad, an dá réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, agus lear mór réaltraí beaga ag timpeallú gach ceann acu.

Is iad satailítí Bhealach na Bó Finne ná: Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG), Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abharcréaltra an Mhadra Mhóir, Abhacréaltra an Mhadra Bhig, Abhacréaltra an Bhéir Bhig, Abhacréaltra an Dragain, Abhacréaltra na Cíle, Abhacréaltra an tSeachtamháin, Abhacréaltra an Dealbhóra, Abhacréaltra na Foirnéise, Leon a hAon, Leon a Dó, Abhacréaltra an Túcáin, agus Abhacréaltra an Bhéir Mhóir.

Is iad satailítí Réaltra Andraiméide ná: M32, M110, NGC 147, NGC 185, Andraiméide a hAon, Andraiméide a Dó, Andraiméide a Trí, Andraiméide a Ceathair, Andraiméide a Cúig, Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais, Abhacréaltra Chaiseoipé, Andraiméide a hOcht, Andraiméide a Naoi, agus Andraiméide a Deich.

Tá a leithéid ann freisin agus Réaltra an Triantáin. Is é an tríú réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil é, agus é ar an t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa, nó is réaltraí bíseacha barracha iad Andraiméide agus Bealach na Bó Finne. Is féidir gur leathbhádóir de chuid Andraiméide atá ann, agus is féidir go bhfuil Abhacréaltra na nIasc á thimpeallú.


Réaltraí an Ghrúpa Áitiúil - Tábla

Réaltraí Bíseacha
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
Bealach na Bó FinneSBbc-An dara réaltra is mó sa Ghrúpa.
Réaltra Andraiméide (M31, NGC 224)SBbAndraiméidean réaltra is mó sa ghrúpa, sa bhliain 2006 a tuigeadh gur réaltra bíseach barrach é an ceann seo freisin
Réaltra an Triantáin (M33, NGC 598)SAcAn Triantánan t-aon réaltra bíseach amháin den ghnáthchineál sa Ghrúpa ar fad, agus is féidir gur satailít de chuid Réaltra Andraiméide atá ann
Réaltraí Éilipseacha
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
M110 (NGC 205)E6pAndraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
M32 (NGC 221)E2Andraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Réaltraí Neamhrialta
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
Wolf-Lundmark-Melotte (WLM, DDO 221)Ir+An Míol Mór
IC 10KBm nó Ir+Caiseoipé
Scamall Beag Magellan (SMC, NGC 292)SB(s)m pecAn Túcánsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréalta an Mhadra MhóirIrrAn Mádra Mórsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra na nIasc (LGS3)IrrNa hÉiscsatailít de chuid Réaltra an Triantáin?
IC 1613 (UGC 668)IAB(s)m VAn Míol Mór
Abhacréaltra an FhéinicsIrrAn Féinics
Scamall Mór Magellan (LMC)Irr/SB(s)mAn Colgánsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Leon A (Leon a Trí)IBm VAn Leon
Seiseamhán B (UGC 5373)Ir+IV-VAn Seiseamhán
NGC 3109Ir+IV-VAn Phéist Uisce
Seiseamhán A (UGCA 205)Ir+VAn Seiseamhán
Abhacréaltraí éilipseacha
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
NGC 147 (DDO 3)dE5 pecCaiseoipésatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra Neamhrialta an tSaighdeora (SagDIG)IB(s)m VAn Saighdeoir
NGC 6822 (Réaltra Barnard)IB(s)m IV-VAn Saighdeoir
Abhacréaltra Neamhrialta Pheigeasais (DDO 216)IrrPeigeasas
Abhacréaltraí sféaróideacha
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
Abhacréaltra an AoiredSphAn tAoire
Abhacréaltra an Mhíl MhóirdSph/E4An Míol Mór
Abhacréaltra na Madraí FiaighdSphNa Madraí Fiaigh
Andraiméide a TrídE2Andraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
NGC 185dE3 pecCaiseoipésatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Andraiméide a hAondE3 pec?Andraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra an Dealbhóra (E351-G30)dE3An Dealbhóirsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Andraiméide a CúigdSphAndraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Andraiméide a DódE0Andraiméidesatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra na Foirnéise (E356-G04)dSph/E2An Fhoirnéissatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra na Cíle (E206-G220)dE3An Chílesatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an AerchaidéildE3An tAerchaidéal
Leon a hAon, nó Leon A (DDO 74)dE3An Leonsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an tSeiseamháindE3An Seiseamhánsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Leon a Dó, nó Leon BdE0 pecAn Leonsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Bhéir BhigdE4An Béar Beagsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an Dragain (DDO 208)dE0 pecAn Dragansatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora (SagDEG)dSph/E7An Saighdeoirsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra an TúcáindE5An Túcánsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Abhacréaltra Chaiseoipé (Andraiméide a Seacht)dSphCaiseoipésatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra Sféaróideach Pheigeasais (Andraiméide a Sé)dSphPeigeasassatailít de chuid Réaltra Andraiméide
Abhacréaltra an Bhéir MhóirdSphAn Béar Mórsatailít de chuid Bhealach na Bó Finne
Réadanna nár sainmhíníodh go soiléir
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
Willman a hAonabhacréaltra sféarúil, nó réaltbhraisle chruinneogach?An Béar Mórfaoi 147,000 solasbhliain dínn
Andraiméide a CeathairIrr?Andraiméideis dócha nach réaltra é seo ar aon nós
UGC-A 86 (0355+66)Irr, dE nó S0An Sioráf
UGC-A 92 (EGB0427+63)Irr nó S0An Sioráf
Réaltraí ar dócha nach baill den Ghrúpa iad
ainmcineálréaltbhuíonnótaí
GR 8 (DDO 155)Im VAn Mhaighdean
IC 5152IAB(s)m IVAn tIndiach
NGC 55SB(s)mAn Dealbhóir
Abhacréaltra an Uisceadóra (DDO 210)Im VAn tUisceadóir
NGC 404E0 nó SA(s)0-Andraiméide
NGC 1569Irp+ III-IVAn Sioráf
NGC 1560 (IC 2062)SdAn Sioráf
Sioráf AIrrAn Sioráf
Abhacréaltra na LoingeIrrAn Chíle
2318-42IrrAn Chorr
UKS 2323-326IrrAn Dealbhóir
UGC 9128 (DDO 187)Irp+An tAoire
Palomar a Dó Déag (Abhacréaltra an Ghabhair)An GabharBraisle chruinneogach a bhí aicmithe ina habhacréaltra sféaróideach roimhe seo
Palomar a Ceathair (an chéad ainm a bhí air ná Abhacréaltra an Bhéir Mhóir)An Béar MórBraisle chruinneogach (roimhe seo, shíltí gur abhacréaltra sféaróideach a bhí ann)
Seiseamhán C
🔥 Top keywords: