An Pholainéis

Is foréigiún den Aigéine í an Pholainéis a chuimsíonn níos mó ná 1,000 oileán scaipthe ar fud an Aigéin Chiúin láir agus theas. Tugtar Polainéisigh ar na daoine dúchasacha a chónaíonn in oileáin na Polainéise, agus tá gaolta láidre eatarthu ó thaobh teanga, cultúir, agus creidimh traidisiúnta.[1] Bhí traidisiún láidir loingseoireachta i measc na bPolainéiseach, agus bhain siad úsáid as na réaltaí ar aistir fhada.[2][3] Is í an Nua-Shéalainn an tír is mó sa bPolainéis.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Pholainéis
CineálLimistéar geografach, oileánra, grúpa agus réigiún cultúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Aigéine Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Aigéine Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 16°51′11″S 148°24′19″E / 16.852961°S 148.40522°E / -16.852961; 148.40522
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Trasnaíonnan Nua-Shéalainn, an Fhrainc, an tSile, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ciribeas, Túvalú, Samó, Tonga agus Oileáin Pitcairn Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach
Na hOileáin Mharcasacha
Am22 Meitheamh 2010
Aitheantóir5564
Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é an scríbhneoir Francach Charles de Brosses a d'úsáid an téarma Polynésie den chéad uair sa bhliain 1756, le cur síos ar oileáin uile an Aigéin Chiúin. Sa bhliain 1831, mhol Jules Dumont d'Urville sainmhíniú níos cúinge le linn léachta i gCumann Tíreolaíochta Pháras, inar roinn sé an Aigéine ina trí chuid: Polynésie, Mélanésie, agus Micronésie.

Sa lá atá inniu ann, sainmhínítear an Pholainéis go ginearálta mar na hoileáin laistigh den “Triantán Polainéiseach”; triantán a cheanglaíonn Haváí, an Nua-Shéalainn agus Oileán na Cásca. Is iad Samó, Tonga, Oileáin Cook, Túvalú, Oileáin Tócalá, Niue, Wallis agus Futúna, agus Polainéis na Fraince na príomhghrúpaí oileán eile atá suite laistigh den Triantán Polainéiseach.

É sin ráite, is féidir sainmhíniú cultúrtha a dhéanamh ar an bPolainéis freisin, agus tá lonnaíochtaí Polainéiseacha beaga i Nua-Ghuine Phapua, Oileáin Sholomón, Oileáin Caroline, agus Vanuatú. Is grúpa oileán a bhfuil tréithe láidre cultúrtha Polainéiseacha aige lasmuigh den triantán mór seo é Rotuma, suite ó thuaidh ó Fhidsí. Tá nascanna láidre stairiúla agus cultúrtha idir roinnt d'Oileáin Lau (soir ó dheas ó Fhidsí) le Tonga.

Seo a leanas na hoileáin agus na grúpaí oileán, náisiúin nó críocha thar lear de chuid na dtíortha impiriúla, ar de chultúr Polainéiseach bundúchasach iad nó ina bhfuil fianaise seandálaíochta ar fáil ar lonnaíochtaí Polainéiseacha san am atá caite. Tá roinnt oileán de bhunadh Polainéiseach lasmuigh den triantán ginearálta a shainíonn an réigiún ó thaobh tíreolaíochta.

Tír nó críochNótaí
Samó MheiriceáCríoch neamhchorpraithe agus neamheagraithe de chuid na Stát Aontaithe
Oileáin CookStát i saor-chomhaontas leis an Nua-Shéalainn
Oileán na CáscaCúige agus críoch speisialta de chuid na Sile
Polainéis na FrainceCríoch thar lear de chuid na Fraince
HaváíStát Mheiriceá
An Nua-ShéalainnStát ceannasach
NiueStát i saor-chomhaontas leis an Nua-Shéalainn
Oileán NorfolkCríoch sheachtrach de chuid na hAstráile
Oileáin PitcairnCríoch Bhriotanach Thar Lear
RotumaSpleáchas de chuid Fhidsí
SamóStát ceannasach
Oileáin TócaláCríoch neamh-fhéinrialach de chuid na Nua-Shéalainne
TongaStát ceannasach
TúvalúStát ceannasach
Oileáin Wallis agus FutunaCríoch thar lear chuid na Fraince

Tagairtí

🔥 Top keywords: