Cóimhiotal
Meascán de dhá mhiotal nó níos mó is ea cóimhiotal (alloy), a dhéantar chun feabhas a fháil ar airíonna éagsúla de chuid na mbunmhiotal.
- Ceann de na cóimhiotail is luaithe dá raibh in úsáid ag daoine is ea cré-umha. Cuid amháin stáin le dhá chuid copair atá ann.
- Nuair a dhéantar cóimhiotal de chopar is sinc, faightear prás, atá níos so-oibrithe dochreimnithe ná ceachtar den dá bhunmhiotal.
- Is cóimhiotal iarainn é cruach, le roinnt an-bheag carbóin, nach miotal in aon chor é.
- Nuair a mheasctar beagán copair, maignéisiam is mangainéise le halúmanam, faightear cóimhiotal a dtugtar dúralúman air, atá i bhfad níos láidre ná an bunalúmanam.
Féach freisin
- Próiseas Bessemer
- TealIach oscailte. Feidhmíonn sé le hiarann ó mhianaigh, rud nach féidir a dhéanamh le próiseas Bessemer.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: