Cogadh Iaráin - Iaráic
Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).
Cineál | cogadh war of aggression (en) ionghabháil |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Murascaill na Peirse |
Cuid de | Gulf War (en) |
Tréimhse | 22 Meán Fómhair 1980 - 20 Lúnasa 1988 |
Dáta na bliana | 22 Meán Fómhair 1980 |
Suíomh | an Iaráin, An Iaráin an Iaráic, An Iaráic Murascaill na Peirse |
Rannpháirtí | |
Ba chúis leis | cúiseanna iolracha |
Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]
1980
Tháinig Saddam aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic, an Poblacht Ioslamach nua, a bunaíodh an bhliain roimhe sin.
1988
Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[4], an cogadh is faide sa 20ú haois, a mhair beagnach deich mbliana.
Cuireadh tús le UNIIMOG seachtain roimh an sos comhraic foirmiúil a chuir deireadh leis an gcogadh. Imscaradh an misean, a bhí comhdhéanta de 350 breathnóir, feadh teorann na líne scortha lámhaigh a bhí 800km ar fhad. I Mí Deireadh Fómhair, cuireadh díorma pearsanra míleata Éireannach de 37 leis an misean, chomh maith le cúig oifigeach déag a bhí ag fónamh mar bhreathnóirí.[5]